Fiontraíocht Shóisialta na Gaeltachta mar chuid de staidéar nua san Eoraip

12 Aibreán, 2022

nóiméad léite

Tá Aonad Forbartha Pobail Údarás na Gaeltachta páirteach i staidéar nua chun fiontraithe sóisialta faoin tuathú a chumasú. Táthar á dhéanamh seo mar chuid de staidéar féidearthachta maoinithe ag an Aontas Eorpach ‘Business Models Empowering Rural Social Entrepreneurship - voicing the rural norm’.

Déanfaidh taighdeoirí staidéar ar na bealaí gur féidir an fhiontraíocht shóisialta a spreagadh agus a fhorbairt i gceantair tuaithe. Leagfar béim faoi leith ar dhaoine óga agus ar dheiseanna do mhná a bheith ina bhfiontraithe sóisialta agus beidh scéal fhiontraithe sóisialta na Gaeltachta lárnach sa staidéar seo.

Nuair a theipeann ar idirghabhála na hearnála poiblí agus ar chomhlachtaí príobháideacha, téann na pobail áitiúla i muinín na bhfiontraithe sóisialta áitiúla. Sa staidéar seo, a bhfuil Údarás na Gaeltachta páirteach ann, déanfar na héagsúlachtaí agus na cosúlachtaí maidir leis an bhfiontraíocht shóisialta sa tSualainn, san Iorua, in Albain agus in Éirinn a scrúdú.

Is ar mhaithe le daoine agus cabhrú leis an bpobal áitiúil a bhíonn an fiontraí sóisialta, ní le brabús mór a dhéanamh. “Táimid ag iarraidh na tacaíochtaí agus na coinníollacha a theastaíonn uaidh fhiontair shóisialta i gceantair tuaithe a scrúdú sa gcaoi is go mbeidh siad in ann forbairt agus rath a bheith orthu,” a deir Yvonne von Friedrichs, Ollamh le Riarachán Gnó agus Bainisteoir Togra i Mid Sweden University. Is iad Mid Sweden University an príomhpháirtí ar an staidéar seo.

Déanfaidh taighdeoirí suirbhéanna ar cheantair tuaithe na hEorpa sa gceithre thír atá páirteach sa staidéar (an tSualainn, an Iorua, Albain agus Éire) agus ansin cuirfear agallamh ar na fiontraithe sóisialta a n-éiríonn leo chun a gcuid taithí a roinnt. Beifear ag cur leis an eolas mar chuid den obair seo agus tabharfar léargas ar an gcaoi a n-oibríonn an earnáil phoiblí agus eagraíochtaí gnó chun fiontair shóisialta a éascú.

Cuirfear an staidéar féidearthachta i gcrích roimh an samhradh agus is é an sprioc maidir leis an obair ná a bheith ina gceann feadhna ar thogra mór AE ar an bhfiontraíocht shóisialta. Cuirfidh taighdeoirí ag Mid Sweden University i gcomhar le Coompanion agus bardais Östersund agus Härnösand sa tSualainn, CBT Competence san Iorua, Social Enterprise Academy Scotland agus Údarás na Gaeltachta in Éirinn an obair i gcrích.

“Táimid ag iarraidh foghlaim óna chéile agus tá muid cinnte gur féidir é sin a bhaint amach chun dúshláin a shárú. Le fiontraithe sóisialta, an tsochaí sibhialta, comhairleoirí gnó agus lucht léinn as tíortha éagsúla a bheith páirteach ann, beidh bunús eolais leathan againn chun ‘dea-chleachtas’ a aithint chun tacú leis an earnáil seo”, a deir Seán Ó Coisdealbha, Bainisteoir Réigiún an Iarthair Údarás na Gaeltachta.

Nuair a dhéanfar na dea-chleachtais, cosúlachtaí agus éagsúlachtaí a roinnt agus a scrúdú, tá sé mar aidhm ag an togra féachaint ar chur chuige nua leis na bearnaí seo a líonadh agus súil tacaíocht níos fearr a chur ar fáil don fhiontraíocht shóisialta i gceantair tuaithe.