Bord Údarás na Gaeltachta

Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Catherine Martin agus an Aire Stáit Patrick O’ Donovan T.D. , go bhfuil baill nua ainmnithe ar bhord Údarás na Gaeltachta.

28 Meán Fómhair, 2023

nóiméad léite

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit Patrick O’ Donovan T.D. go bhfuil baill nua ainmnithe ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Príomhfheidhmeanach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Tá lúcháir orainn go mbeidh bord iomlán ag Údarás na Gaeltacht arís, rud a neartóidh an tseirbhís atá an tÚdarás a thabhairt do phobal na Gaeltachta. Tá muid fíor-bhuíoch do na baill reatha, a rinne sár-obair ó tháinig tréimhse an bhoird deiridh chun críche ag tús na bliana. Is cinnte, anois agus bord iomlán ag feidhmiú, go gcuideoidh sé le Údarás na Gaeltachta ár spriocanna a chur i gcrích, i dtaca leis an Roinn agus páirtithe leasmhara eile, ar mhaithe leis an nGaeilge agus le muintir na Gaeltachta.”

Léirigh cathaoirleach bhord Údarás na Gaeltachta, Mary Uí Chadhain, a sástacht leis an bhfógra:

“Cuirim fáilte roimh an fhógra go bhfuil baill nua ainmnithe ag an Aire Catherine Martin agus an tAire Stáit O’ Donovan ar bhord Údarás na Gaeltachta. Is údar sástachta dom é go mbeidh bord iomlán ag feidhmiú arís ag Údarás na Gaeltachta, chun go ndéanfar an freastal is fearr ar ár bpobal. Glacaim buíochas leis na baill reatha as a ndúthracht agus a ndíograis le roinnt míonna agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leis na baill nua-ainmnithe.  I dteannta a chéile, beimid ag obair le huaillmhian, ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus neartú na teanga.”