An Próiseas

Chomhairle

Mar chuid den Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, tá Údarás na Gaeltachta freagrach as eagraíochtaí a roghnú chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá suite laistigh de Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.

Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ina ndeirtear go ‘dtosófar próiseas pleanála teanga agus déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta faoin Acht nua.’ Faoin Acht, déanfar an Ghaeltacht, mar atá sí faoi láthair, a athshainiú mar Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna limistéir éagsúla.

Tabharfar aitheantas freisin do ról na mBailte Seirbhíse Gaeltachta maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin, ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla.

An Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht

Ó achtaíodh Acht na Gaeltachta in 2012, tá an Ghaeltacht anois roinnte ina 26 ceantar éagsúil, ar a dtugtar Limistéir Phleanála Teanga (LPT). De réir an Achta, caithfidh pobal gach LPT plean teanga a ullmhú dá gceantar féin le go n-aithneofar an limistéar mar limistéar Gaeltachta feasta. 

Chomh maith leis na LPT, tá trí bhaile Gaeltachta aitheanta mar bhailte a d’fhéadfadh stádas mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG) a bhaint amach.  

Leagtar amach struchtúr d’ullmhú na bpleananna teanga in Acht na Gaeltachta 2012. Faoin struchtúr seo, fógraíonn an tAire Gaeltachta go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga i LPT nó BSG faoi leith agus roghnaíonn Údarás na Gaeltachta ceanneagraíocht leis an bpróiseas pleanála teanga sa LPT/BSG sin a bhainistiú. Tugtar dhá bhliain don cheanneagraíocht plean teanga a ullmhú i gcomhar le pobal an limistéar agus cuirtear an plean faoi bhráid an Aire ansin lena fhaomhadh. Má ghlactar leis, bíonn tréimhse seacht mbliana ag an gceanneagraíocht leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm. Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as comhordú an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. 

Is féidir súil a chaitheamh ar na pleananna teanga atá ceadaithe go dtí seo anseo.

An Phleanáil Teanga lasmuigh den Ghaeltacht

Chomh maith leis na 26 LPT agus na 3 BSG Gaeltachta, tá 13 bhaile taobh amuigh den Ghaeltacht atá suite gar don Ghaeltacht ar féidir leo aitheantas a bhaint amach mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta agus tá trí cheantar eile aitheanta ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá i mbun próisis le haitheantas a bhaint amach mar Líonraí Gaeilge. Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as comhordú an phróisis phleanála teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. 

Príomhphointí

  • Déanfaidh An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta 26 Limistéar Pleanála Teanga agus 16 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a fhógairt.
  • Nuair a fhógrófar na Limistéir Phleanála Teanga agus na Bailte Seirbhíse Gaeltachta éagsúla, beidh deis ag eagraíochtaí iarratas a chur faoi bhráid Údarás na Gaeltachta le plean teanga comhtháite a ullmhú. Beidh An tÚdarás freagrach as Ceanneagraíocht pleanála teanga i ngach Limistéar Pleanála Teanga a roghnú le plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Beidh an tÚdarás freagrach freisin as Ceanneagraíocht pleanála teanga i ngach Baile Seirbhíse Gaeltachta atá suite i Limistéar Pleanála Teanga a roghnú le plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Roghnófar an eagraíocht is fearr a léiríonn a gcumas chun úsáid na Gaeilge a mhéadú sa phobal.
  • Beidh tréimhse suas le 2 bhliain ag na heagraíochtaí a roghnófar chun pleananna teanga a ullmhú. Cabhróidh an tÚdarás leis na heagraíochtaí na pleananna seo a ullmhú. Is é an cuspóir a bheidh ag na pleananna seo ná cur le húsáid na Gaeilge chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí.
  • Tar éis don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta measúnú a dhéanamh ar na pleananna i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga atá foilsithe, déanfaidh an tAire iad a fhaomhadh faoin Acht agus aithneofar na limistéir mar Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta agus na bailte mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.
  • Beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna a chur i bhfeidhm.
  • Déanfaidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na 7 mbliana sin.
  • Beidh cuidiú ar fáil ó Údarás na Gaeltachta do na Ceanneagraíochtaí a roghnófar leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm.
  • Beidh na Ceanneagraíochtaí a roghnófar ag comhoibriú le struchtúir pobail a bhfuil ról lárnach acu i gcaomhnú agus i neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht, struchtúir ar nós Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo., na hionaid cúraim leanaí, Muintearas Teo., Ealaín na Gaeltachta Teo, eagraíochtaí forbartha pobail, coistí agus cumainn dheonacha mar aon leis na hIonaid Seirbhísí Teanga.

Clár Ama agus Próiseas Roghnúcháin na nEagraíochtaí

1. Fógrófar na Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta atá roghnaithe chun tús a chur leis an bPróiseas Pleanála Teanga.

Tá fógra foilsithe le gairid i dtaca leis na Limistéir Phleanála Teanga seo leanas:

  • Bearna & Cnoc na Cathrach
  • Oirthear Chathair na Gaillimhe
  • An tEachréidh

Tá liosta iomlán de na Limistéir Phleanála Teanga ar fáil anseo.

2. Ar fhógairt LPT don Aire, cuirfidh Údarás na Gaeltachta fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí/grúpaí pobail le bheith mar Cheanneagraíocht pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga.

3. Tabharfar tréimhse suas le dhá mhí d’aon eagraíocht ar spéis léi iarratas a dhéanamh le bheith mar Cheanneagraíocht pleanála teanga foirm iarratais a líonadh agus a chur ar ais chuig an Údarás.

4. Déanfaidh coiste measúnaithe na hiarratais a mheas. Déanfar gearrliosta de na hiarratasóirí agus cuirfear faoi agallamh iad, más gá.

5. Mairfidh an próiseas measúnaithe suas le dhá mhí ó dháta dúnta na n-iarratas.

6. Tar éis an próiseas measúnaithe a bheith críochnaithe, roghnófar an Cheanneagraíocht le tabhairt faoin bPróiseas sa Limistéar Pleanála Teanga cuí.