Pleanáil Teanga

Is é an sprioc atá leis an bpróiseas pleanála teanga ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga teaghlaigh agus mar theanga pobail. Táthar á dhéanamh seo trí phróiseas céimnithe a chur i bhfeidhm ar an talamh sna ceantair Ghaeltachta agus i gceantair áirithe eile ar fud na hÉireann, le tacaíocht agus rannpháirtíocht an phobail.