Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh

Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh

Ceantar imeallach Gaeltachta í seo in dhá chontae — Gaillimh agus Maigh Eo. Ceantar álainn sléibhtiúil ceangailte le Loch Coirib agus Loch Measca atá anseo. Tá an limistéar timpeallaithe ag bailte, nach bhfuil sa nGaeltacht, a dhéanann freastal air ó thaobh gnó agus seirbhísí: Conga, Baile an Róba, Cathair na Mairt, Caisleán an Bharraigh, Uachtar Ard agus an Clochán.

Léiríonn staitisticí Dhaonáireamh 2016 go bhfuil 3,185 duine ag cónaí sa LPT seo, agus gur cainteoirí laethúla Gaeilge 13.8% den daonra.

OIfigeach Pleanála Teanga

Stiofán Seoighe

opt.cdst@gmail.com

An Plean Teanga

Ceanneagraíocht:

Comharchumann Dhúiche Sheoigheach
www.discoverjoycecountry.com

Coiste Pleanála Teanga:
Coiste Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh 

In 2015 cheap Údarás na Gaeltachta Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo. (CDS) mar cheanneagraíocht le Plean Teanga a ullmhú do Limistéar Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach & Thuar Mhic Éadaigh.

Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo.
Corr na Móna
Co. na Gaillimhe

eolas.cdst@gmail.com
(094) 954 8031