Ciarraí Theas

Ciarraí Theas

Tá LPT Chiarraí Theas suite ar mhórchuaird Chiarraí i gceantar sléibhtiúil fiáin cois farraige le radharcannna dochreidte le feiscint ar gach taobh díot – ó Bhá Fhionnáin go Cathair Dónall, agus amach chun farraige go dtí na Scealga. Ceantar scaipthe atá ann, gan dlús daonra le fáil in aon chuid de seachas i mbaile an Choireáin – baile atá suite i gcroílár an cheantair ach nach bhfuil áirithe sa LTP féin.

Léiríonn figiúirí Dhaonáireamh 2016 go bhfuil 1,808 duine ina gcónaí i LPT Chiarraí Theas agus go bhfuil 6.9% den phobal (3 bliana d’aois agus os a chionn) ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Oifigeach Pleanála Teanga

Plean Teanga an Limistéir

Ceanneagraíocht

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
Ceann Eich
Cathair Saidhbhín
Co. Chiarraí

www.uibhrathach.ie
(066) 947 4888

Coiste Pleanála Teanga

Gaeilge Uíbh Ráthaigh

Facebook
Twitter