Maigh Eo

Béal an Mhuirthead (Griangraf ó Belmullet Festival ó mayococo.ie)
"An siúlóid cois fharraige is léanúnach le flúirse haill, créig, pluais, gaibhéil agus oileáin"
The Lonely Planet Walking Guide

Tá contae Mhaigh Eo lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann i gCúige Chonnacht. Is iad Caisleán an Bharraigh, Béal an Átha agus Cathair na Mart na bailte is mó sa chontae.

 

Turasóireacht

Tá an mhórchuid de Ghaeltacht Mhaigh Eo lonnaithe sa leath thiar den chontae agus tá codanna de thrí cheantar ar leith sa Ghaeltacht: Tuar Mhic Éadaigh, Acaill agus Iorras.

Contae mór fairsing is ea contae Mhaigh Eo le dlús daonra íseal. Fágann sé sin go bhfuil go leor den chontae, na ceantair Ghaeltachta san áireamh, neamh-mhillte ag an bhforbairt. Tá buntáistí agus gnéithe sainiúla ag gach ceann de na ceantair laistigh de Ghaeltacht Mhaigh Eo.

Tá ceantar Iorras buailte le cósta thuaidh Mhaigh Eo agus tá aoibhneas an dúlra le feiceáil i ngach aon áit ann. Ceantar é seo ina bhfuil go leor láithreacha suimiúla staire agus cultúrtha cosúil le Ionad Deirbhile san Eachléim agus Achaidh Chéide. Tá cáil ar Mhaigh Eo mar cheann scríbe do ghníomhaíochtaí eachtrúla freisin agus is féidir tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cosúil le tonnmharcaíocht, dreapadóireacht agus rothaíocht i gceantar Iorrais agus i gceantar Acla.

Is é Acaill an t-oileán is mó sa tír agus tá sé ceangailte leis an mórthír le droichead.

Tá ceantar Thuar Mhic Éadaigh i nDeisceart an chontae agus tá cáil ar an gceantar seo go háirithe de bharr go bhfuil sé buailte le loch mór iascaireachta, Loch Measc, agus Coill Thuar Mhic Éadaigh.

Fiontraíocht & Pobal

San áireamh sna tionscail atá ag feidhmiú i nGaeltacht Mhaigh Eo tá an teicneolaíocht faisnéise agus an earnáil cumarsáide, innealtóireacht, déantús forbhianna, leictreonaic agus déantús acmhainní nádúrtha marabhunaithe. Le cúpla bliain anuas, tá roinnt comhlachtaí nuálaíocha bunaithe i Maigh Eo, agus iad ag baint úsáide as acmhainní iomadúla an chontae ó thaobh dúlra, áiseanna agus daoine de. Tá cuid acu seo lonnaithe sa gréasán gteic atá forbartha cheana i nGaeltacht Mhaigh Eo agus ata a fhorbairt i gcónaí. Tá deiseanna ar leith ar fáil d’fhiontraithe Gaeltachta Mhaigh Eo de bharr go bhfuil aerfort idirnáisiúnta lonnaithe sa chontae agus tá tacaíochtaí ar fáil ón Údarás le lonnú in aon cheann de na ceantair Ghaeltachta sa chontae. Tá feiniúlacht agus pobal láidir sa chontae chomh maith, agus nasc láidir leis an diaspóra, go háirithe ag muintir Acla le muintir Cleveland, Ohio. Fágann an spiorad seo i measc mhuintir an chontae mar aon leis na seirbhísí atá ar ann gur áit iontach í Maigh Eo le bheith ag cónaí ann.

Firicí

  • Tá daonra iomlán de 9,340 i nGaeltacht Mhaigh Eo (Daonáireamh 2016) agus is ionann seo agus 9.4% de dhaonra iomlán na Ghaeltachta;
  • Tá achar de 905km2 i gceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo. Is ionann seo agus 19% den cheantar Gaeltachta iomlán
  • Is é Béal an Mhuirthead, atá lonnaithe 72km ó Bhéal an Átha, 80km ó Chaisleán an Bharraigh, agus 110km ó Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire, príomhbhaile Ghaeltacht Mhaigh Eo

Córais Iompair

Ceanglaíonn príomhbhóthar náisiúnta an N59 agus an bóthar R313 Béal an Mhuirthead leis an gcuid eile den chontae. Ceanglaíonn an N59/N17/M17 an contae le Gaillimh agus le Sligeach agus ceanglaíonn an N4/M4 an contae le Baile Átha Cliath.

Seirbhísí Aeir:

Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire
Tuilleadh eolais: knockairport.com

Seirbhísí Iarnróid agus Bus:

Tá gach páirt de Ghaeltacht Mhaigh Eo insroichte ó príomhbhailte móra na hÉireann. Tá seirbhísí éagsúla traenach go laethúil chuig agus as bailte Mhaigh Eo.

Tuilleadh eolais: www.irishrail.ie agus www.buseireann.ie

Seirbhísí Leighis i gCo. Mhaigh Eo

  • Ospidéal Mhaigh Eo
  • Ospidéal Ceantair Bhéal an Mhuirthead
  • Ospidéal Ceantair Bhéal an Átha
  • Ospidéal Ceantair Bhéal Átha na Muice

Oideachas Tríú Leibhéal sa réigiún

Áiseanna Caithimh Aimsire

Tá gach ní a bheadh á lorg ó thaobh caitheamh aimsire ar fáil i gContae Mhaigh Eo, idir ghalf, eachaíocht, siúlóidí, iascaireacht slaite, iascaireacht, spórt uisce, ealaíona, cheardaíocht agus rothaíocht.

www.irelandwest.ie
www.mayo.ie

www.visitbelmullet.ie

Ár gcliantchuideachtaí i Maigh Eo