Ciarraí

Músaem Chorca Dhuibhne Drone shot

Tá Contae Chiarraí lonnaithe ar thaobh thiar theas na hÉireann. Is é Trá Lí príomhbhaile an chontae.Tá dhá cheantar Gaeltachta i gContae Chiarraí – an taobh thiar de leithinis Chorca Dhuibhne  agus sciar de leithinis Uíbh Ráthaigh. Is é Daingean Uí Chúis príomhbhaile leithinis Dhaingean Uí Chúis, agus Baile an Sceilg príomhbhaile Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Turasóireacht

Is ceann de na ceantar is mó turasóireachta in Éirinn é Contae Chiarraí de bharr tírdhreach álainn an chontae agus a bhailte bríomhaire. Tá an sliabh is airde in Éirinn – Corrán Tuathail – agus an trá is faide ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin – Bá Bhreandáin – sa chontae seo ach níl sna suíomhanna seo ach cuid bheag d’iliomad na suíomhanna áille atá ar fáil ann. Tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí thiar ar an gceantar is faide siar san Eoraip, agus tá cáil ar Shlí Cheann Sléibhe mar turas lae den scoth ar a bhfuil go leor radharcanna áille agus suíomhanna cultúrtha agus fiontraíochta. Is amach ó chósta Chorca Dhuibhne atá an Blascaod Mór suite agus tá stair shaibhir litríochta agus cultúrtha ag baint leis an oileán seo. Tá oileán eile cáiliúil – Sceilg Mhichíl – suite amach ó chósta Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus tá an t-oileán uathúil seo aitheanta mar Láithreán Oidhreachta Domhanda ag UNESCO. Tá an chuid seo de Ghaeltacht Chiarraí mar chuid de Mórchuaird Chiarraí  – turas fadbhunaithe timpeall leithinis Uíbh Ráthach a chuimsíonn go leor suíomhanna éagsúla nádúrtha, cultúrtha agus fiontarbhunaithe. Mar aon le háilleacht na tuaithe, tá bailte beoga lonnaithe i gCiarraí agus ceann de na bailte is cáiliúla sa Ghaeltacht– Daingean Uí Chúis – suite i gCorca Dhuibhne.

Fiontraíocht & Pobal

I measc na dtionscal agus na n-earnálacha atá ar fud Chiarraí tá déantúsaíocht, táirgí leighis agus sláinte, innealtóireacht agus próiseáil bia. Tá an tionscal iascaireachta fós láidir agus tá tionscal rathúil uisceshaothraithe ann freisin. Tá cúrsaí ceardaíochta an-láidir i gCiarraí chomh maith agus tá go leor ealaíontóirí ag feidhmiú sa chontae agus ag tarraingt ar an suíomh álainn thart orthu. Tá an ceantar Gaeltachta seo ag brath ar chomhlachtaí beaga agus meánacha agus tá go leor oibre ar siúl ag Údarás na Gaeltachta agus páirtithe leasmhara ag iarraidh fiontraíocht a spreagadh i nGaeltacht Chiarraí. Tá gnóthaí nuálaíocha ag teacht chun cinn i gcónaí sa cheantar agus tá gteic láidir – Mol Teic – ag feidhmiú sa Daingean le tamaill. Cuirfear leis an ngréasán seo i gCiarraí amach anseo agus tá na seirbhísí agus na háiseanna gnó atá ar fáil sa cheantar ag feabhsú i gcónaí. Tá áiseanna fíormhaithe ar fáil i nGaeltacht Chiarraí do mhuintir na háite agus reáchtáiltear go leor imeachtaí agus ócáidí do dhaoine áitiúla agus do chuairteoirí i gcaitheamh na bliana. Tá féiniúlacht an-láidir ag muintir Chiarraí idir féiniúlacht áitiúil agus féiniúlacht chontae ach is pobail iad pobail Ghaeltacht Chiarraí ina bhfuil go leor éagsúlachta chomh maith agus cuirtear fáilte mhór roimh dhaoine nua iontu.

Firicí

  • Tá contae Chiarraí, ina bhfuil daonra de 155,258 (Daonáireamh 2022) lonnaithe ar thaobh thiar theas na hÉireann
  • Tá daonra de 8,756 i nGaeltacht Chiarraí, agus is ionann seo agus 8.8% de dhaonra iomlán na Gaeltachta;
  • Tá achar geografach 642 km2 i nGaeltacht Chiarraí. Is ionann seo agus 9% de achar iomlán na Gaeltachta
  • In 2019, bhí 695 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-tionscadail de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chiarraí.

Córais Iompair

Is iad na príomhbhóithre náisiúnta go Ciarraí ná:

  • An N21 as Luimneach
  • An N22 as Corcaigh

Seirbhísí Aeir

Seirbhísí Bus agus Iarnróid

Tá Contae Chiarraí insroichte as Baile Átha Cliath, as Corcaigh agus as na cathracha agus bailte móra eile ar fud na tíre ag baint úsáide as seirbhísí bus agus iarnróid.
Tuilleadh eolais: www.irishrail.iewww.buseireann.ie

Nasc Áitiúil Chiarraí https://www.locallinkkerry.ie/. Tá seirbhísí acu siúd ó Chill Áirne / Trá Lí go Chiarraí Theas agus go leor eile.

Seirbhísí Leighis i gCo. Chiarraí

  • Ospidéal Ghinearálta Thrá Lí
  • Ospidéal Bon Secours, Trá Lí
  • Ospidéal Pobail Dhaingean Uí Chúis
  • Ospidéal Naomh Áine
  • Ospidéal Pobail Dhairbhre

Oideachas Tríú Leibhéal

Áiseanna Caithimh Aimsire

Tá gach ní a bheadh á lorg ó thaobh caitheamh aimsire ar tairiscint i gContae Chiarraí idir ghalf, eachaíocht, shiúlóidí, iascaireacht slaite, iascaireacht, spórt uisce, na healaíona, ceardaíocht agus rothaíocht. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig:

www.discoverireland.ie

www.gokerry.ie/

Cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta i gcontae Chiarraí