An Ghaeltacht

Úsáidtear an téarma ‘Gaeltacht’ chun cur síos a dhéanamh ar na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil, nó ina mbíodh go dtí le gairid, an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha ag an gcuid is mó den phobal. Tá na ceantair Ghaeltachta sainithe ag orduithe Rialtais agus tá sé aitheanta ag rialtas i ndiaidh a chéile go bhfuil gá le bearta, struchtúir agus maoiniú ar leith chun cothabháil na bpobal seo a chinntiú.

Tá tábhacht nach beag ag baint le cothú agus le cosaint na gceantar Gaeltachta agus na Gaeilge, agus is é príomhchuspóir an Údaráis an Ghaeilge a neartú mar phríomhtheanga phobail sna ceantair seo. Teanga í an Ghaeilge atá faoi bhagairt le blianta anois, ach maireann sí go fóill mar theanga bheo sna ceantair Ghaeltachta i measc pobail a bhfuil nasc teanga gan bhriseadh acu lena sinsir. Ciallaíonn sé seo gur ceantair shainiúla ar fad iad ceantair Ghaeltachta na hÉireann. Is tábhachtach an tsainiúlacht seo a chosaint i ndomhan nasctha an lae inniu agus aithnítear go forleathan sa lá atá inniu ann gurb iad na ceantair ar fud an domhain a bhfuil sainiúlacht éigin ag baint leo a mbíonn an rath is mó orthu. Tá sé tábhachtach an Ghaeilge sa Ghaeltacht a chosaint chomh maith de bharr gur as tobar na teanga a eascraíonn go leor saibhris de shaghasanna eile atá beo beathach sa Ghaeltacht.

Tá cultúr láidir ealaíon traidisiúnta sa Ghaeltacht agus cáil ar mhuintir na Gaeltachta de bharr a chuid damhsa, amhránaíochta, ceardaíochta agus araile. Chomh maith leis sin, tá an cultúr agus an spiorad fiontraíochta Gaeltachta ag neartú i gcónaí agus tá muintir na Gaeltachta ag déanamh dul chun cinn i gcónaí maidir le cúrsaí gnó. Tuigtear sa lá atá inniu ann go dtugann an t-ilteangachas buntáiste suntasach don duine ó thaobh smaointeoireachta de agus tá sé tábhachtach go gcosnófar na pobail atá tar éis leanúint orthu teanga dúchais na hÉireann a sheachadadh.

Ceantair agus Próifílí Gaeltachta

Clúdaíonn an Ghaeltacht codanna leathana de chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Ghaillimh agus Chiarraí chomh maith le codanna de chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge.

Tá sé oileán Gaeltachta ann chomh maith a bhfuil cónaí orthu. Is é daonra iomlán na Gaeltachta ná 96,090 (Daonáireamh 2016).