Aonad 8B – Tír an Fhia

Eastát Tionsclaíochta Thír an Fhia,
Leitir Móir,
Co. na Gaillimhe
H91 CT9F

Map

Tá an oifig/spás ceardaíochta seo lonnaithe i dTír an Fhia, Leitir Móir i gCeantar na nOileán. Tá Ceantar na nOileán déanta suas de ghrúpa oileáin. Tá traidisiún an amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós láidir sa gceantar. Tá ceangal láidir ag an gceantar leis an bhfarraige agus báid seoil. Tá neart áiseanna ar fáil sa gceantar, scoileanna bunscoile, siopaí, séipéil, ionaid phobail, tithe tábhairne agus caiféanna, chomh maith le hionad aclaíochta. Ná bí ag suí sa trácht nó ag déanamh imní do tháillí páirceála, cur fút sa gceantar álainn suaimhneach seo.

 

Cur Síos Gairid ar an bhfoirgneamh

Oifig/Spás Ceardaíochta

Spás de 197m2

Neart Spás Páirceála

Bá Lódála

Rochtain 24/7

Suíomh

Tá oifig/spás ceardaíochta seo suite thart ar Eastát Tionsclaíochta Thír an Fhia. Tá caife, An Chlúid in aice láimhe ar an eastát agus tá Oifig an Phoist agus dhá shiopa grósaera dhá chileaméadar ón suíomh.

Tá aersheirbhís ar fáil ó thrí aerfort: Aerfort Chnoc Mhuire 124km agus Aerfort na Sionainne 143km.

Téann 2 sheirbhís Bus Éireann go Gaillimh go laethúil.

Tá na hinstitiúidí seo a leanas ag freastal ar an gceantar: Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

 

Cur Síos Mion

Urlár amháin atá sa spás oifige/ceardaíochta oscailte seo, tá seomra cruinnithe, leithris mar aon le cistin ann. An soláthar reatha leictreachas ná 15kVAK agus soilse ionsúite. Is ola an córas teasa atá anseo. Tá rataí tráchtála & uisce iníoctha le Comhairle Contae na Gaillimhe agus Uisce Éireann.

Tacaíochtaí Airgeadais do Ghnóthaí

Tá Údarás na Gaeltachta in ann réimse dreasachtaí agus tacaíochtaí a thairiscint do ghnóthaí incháilithe agus do chomhlachtaí atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla chun dul i mbun gnó nó chun lonnú agus forbairt a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta. Tá gnóthaí bunaithe ag na céadta comhlachtaí sa nGaeltacht lenár gcúnamh.

Tá cúnamh ar fáil ag clúdach réimse earnálacha incháilithe ó mhicreaghnóthaí go comhlachtaí móra i réimsí cosúil le:

  • Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (ICT)
  • Déantúsaíocht Chomhaimseartha agus Nideoige
  • Seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta
  • Feistí Leighis agus Cógaisíochta
  • Ábhar Closamhairc agus Digiteach
  • Fiontraíocht Ghaeilge bunaithe
  • Próiseáil Bia
  • Feirmeoireacht agus Próiseáil Éisc
  • Turasóireacht Chultúrtha
  • Ealaín agus Ceardaíocht
  • Fiontair Phobalbhunaithe
  • Acmhainní Nádúrtha

Más ag machnamh ar do ghnó a leathnú go dtí réimse nua, teacht ar mhargaí nua, táirge nua a fhorbairt nó do ghnó a éagsúlú i dtreo nua atá tú, seans go bhféadfaidh Údarás na Gaeltachta cabhrú leat.

Tacaíochtaí Maoine

Tá punann maoine ilghnéitheach ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. San áireamh anseo tá:

  • Suíomhanna Tionsclaíochta
  • Páirceanna Gnó
  • Ionaid Fiontraíochta
  • Spásanna Oifige
  • Aonaid Gnó do Ghnóthaí Nuabhunaithe
  • Suíomhanna Forbartha
  • Ionaid Cheardaíochta

Tá foirgnimh ar fáil ag rátaí cíosa iomaíocha agus tá leas le baint ag gnóthaí as socruithe léasa solúbtha. Is féidir athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh le riachtanais ghnó a shásamh agus iad a ligean ar léas mar chuid de chlár tacaíochta fiontraíochta.