Aonaid 1E-1L, Daingean Uí Chúis

Daingean Uí Chúis
Ciarraí

Map

Sonraí

Aonaid oifige nua-aimseartha faoi throscán, iad idir 46.6 m2 agus 129 m2, lonnaithe ar imeall bhaile Dhaingean Uí Chúis (comhordanáidí 52.143737,-10.28934). Tá rochtain slán 24 uair an chloig ar gach aonad agus tá freastal á dhéanamh orthu ag caibinéad cáblú agus cumarsáide Catagóir 5e. Tá rochtain ag an haonaid seo atá ar Pháirc Ghnó Dhaingean Uí Chúis ar sheomraí cruinnithe ar an láthair, seirbhís teileachomhdhála, seirbhís laethúil bailiúchán postas agus neart spás páirceála.

Suíomh

Tá an t-aonad seo lonnaithe in áit den scoth le hAerfort Chiarraí i bhfoisceacht 68km (42 míle), ag soláthar eitiltí go Baile Átha Cliath, Londain, Frankfurt-Hahn, Manchain &rl. Tá aerfort idirnáisiúnta Chorcaí atá i bhfoisceacht 170km (106míle) ó Dhaingean Uí Chúis, ag soláthar roghanna breise ceangail idirnáisiúnta. Tá calafort Chorcaí ag freastal ar Swansea agus Roscoff.

Achar iomlán (m2)

Aonad 1E: 129

Aonad 1F: 42.6

Úsáidí Oiriúnacha

Tá na haonaid seo thar a bheith feiliúnach d’fhiontair oifigbhunaithe nó mar lárionaid sonraí agus is féidir iad a chur in oiriúint chun freastal ar na riachtanais ar leith a bheadh ag an tionscadal.