Tograí Fuinnimh In-athnuaite ag dul i bhfeidhm ar shaol na Gaeltachta

Seimineár gréasáin Údarás na Gaeltachta chun plé le Fuinneamh Pobail sa Ghaeltacht

16 Deireadh Fómhair, 2020

nóiméad léite

Fuinneamh Pobail agus a thionchar ar shaol na Gaeltachta a bheidh mar ábhar cainte ag seimineár gréasáin atá á eagrú ag Údarás na Gaeltachta faoi scáth an togra fuinnimh Eorpach LECo, Dé Máirt, 20/10/20.

Tá an seimineár dírithe ar ghrúpaí pobail ar fud na Gaeltachta atá ag plé le fuinneamh pobail nó grúpaí pobail a bhfuil spéis acu tograí fuinnimh a bhunú chun leasa pobail Ghaeltachta.

 

I measc na gcainteoirí den scoth a bheidh ag an seimineár beidh:

  • Deirdre De Bhailís, Mol Teic Dhaingean Uí Chúis - ag plé le gníomhaíochtaí fuinnimh i gCorca Dhuibhne;
  • Patrick McHugh, Clár Fuinnimh Choiste Ceantar na nOileán - ag tabhairt léargais ar an gClár Éifeachtacht Fuinnimh;
  • Cathy Ní Ghoill, Comharchumann Forbartha Árann - ag léiriú tionchar an togra REACT ar Inis Mór;
  • Micheál Ó Móráin, Togra Eorpach REACT & RegEnergy - Féidearthachtaí REACT & RegEnergy agus New Energy Solutions Optimised for Islands (NESOI);
  • Aisling Nic Aoidh, Togra Eorpach LECo - ag tabhairt léargais ar thairbhí an togra LECo agus ceachtanna atá foghlamtha ar fud na hEorpa.

 

Beidh béim faoi leith chomh maith ar na hoileáin sa Ghaeltacht agus féidearthachtaí togra NESOI (New Energy Solutions Optimised for Islands).

Tionólfar an seimineár gréasáin Dé Máirt an 20ú Deireadh Fómhair 2020 ón 11.00 – 12.45 agus is féidir clárú ag trí Eventbrite (https://www.eventbrite.ie/e/fuinneamh-pobail-sa-ghaeltacht-tickets-124560065509) chun freastal ar an ócáid seo.

 

CLÁR AN LAE

SEIMINEÁR GRÉASÁIN

FUINNEAMH POBAIL SA GHAELTACHT

20 DEIREADH FÓMHAIR 2020 11:00-12:45

11:00               Fáiltiú – Aisling Nic Aoidh, Comhordaitheoir Tograí AE & Oifigeach Togra LECo, Údarás na Gaeltachta

11:10               Patrick Mc Hugh – Clár Éifeachtach Fuinnimh

                        Gníomhaíochtaí Clár Éifeachtach Fuinnimh Renewable Electricity Support Scheme (RESS)

11:25               Deirdre de Bhailís – Bainisteoir Dingle Hub - Gníomhaíochtaí Mol Teic sa réimse Fuinnimh Pobail

11:40               Micheál Ó Móráin – Oifigeach Togra REACT & RegEnergy, Údarás na Gaeltachta

                        Féidearthachtaí REACT & RegEnergy agus New Energy Solutions Optimised for Islands (NESOI)

11:55               Cathy Ní Ghoill – Comharchumann Forbartha Árann Teo

                        Tionchar an togra REACT ar Inis Mór

12:10               Aisling Nic Aoidh – Oifigeach Togra LECo

                        Ceachtanna ó thogra Local Energy Communities (LECo)

12:25               Plé/Ceisteanna

 

Cláraigh anseo: https://www.eventbrite.ie/e/fuinneamh-pobail-sa-ghaeltacht-tickets-124560065509