14 Gradam Blas na hÉireann buaite ag cliaint de chuid Údarás na Gaeltachta

Scoth na dtáirgí bia & deoch Gaeltachta aitheanta ar fud an domhain

6 Deireadh Fómhair, 2020

nóiméad léite

Dingle Distillery Gaeltacht

D’éirí le scoth na dtáirgí bia agus deoch Gaeltachta ó chliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta 14 gradam Blas na hÉireann 2020 a chrochadh leo i mbliana. Éacht nach beag é an t-aitheantas atá faighte ag an 4 chomhlacht seo as tiomantas a gcuid oibre agus feabhas a dtáirgí.

Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeachas ó chroí le lucht faighte na ngradam chomh maith leis na comhlachtaí Gaeltachta eile ar fad ar déanadh gearrliostú orthu don sár-aitheantas bliantúil seo.

Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú le gradaim Bhlas na hÉireann le blianta fada agus thar a bheith sásta a bheith ag cur urraíochta ar fáil dóibh i rith na tréimhse sin. Is earnáil ríthábhachtach í seo don Ghaeltacht agus tá dul chun cinn suntasach déanta san earnáil le 40 bliain anuas de bharr dúthracht táirgeoirí Gaeltachta agus tacaíocht leanúnach Údarás na Gaeltachta. Tá táirgí ardchaighdeáin Gaeltachta ag baint cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach dóibh féin agus cuid acu á mbuanú mar bhrandaí láidre domhanda.

Is iad Údarás na Gaeltachta a dhéanann urraíocht ar Ghradam Rogha na Gaeltachta ag Gradaim Bhlas na hÉireann agus tréaslaíonn muid a mbua le Heather Flaherty agus a foireann sa mBuilín Blasta sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe a bhuaigh an gradam sin as an Maonáis Oinniún Deataithe atá acu, táirge a bhfuil cúpla gradam buaite aige le gairid ag áireamh bonn airgid ag gradaim Bhlas na hÉireann 2020.

Ní mórán bliain nach n-éiríonn le Folláin Teo. i mBaile Bhuirne gradaim Bhlas na hÉireann a thabhairt leo agus is éacht ann féin é go dtug siad 9 ngradam leo in 2020 do tháirgí éagsúla den scoth a chruthaíonn siad i nGaeltacht Mhúscraí. Comhghairdeachas le Peadar, Máirín agus Micheál Ó Lionáird as an bhforbairt leanúnach ar ardchaighdeán i mBaile Bhuirne.

Tá dul chun cinn suntasach déanta i dtréimhse ghairid ag an gcomhlacht Micilín Muc as Corca Dhuibhne agus is maith atá an bonn óir sa gcatagóir d’ispíní blasta tuilte ag Séamus Mac Gearailt agus a chomhlacht.

Branda domhanda atá i bhfuisce agus jin Dhrioglann Dhaingean Uí Chúis i gCiarraí agus i measc gradaim dhomhanda eile atá faighte acu le bliain anuas thug siad leo dhá bonn óir Bhlas na hÉireann 2020 do tháirgí jin agus fuisce ar an deireadh seachtaine.

Aithnítear gradaim Bhlas na hÉireann mar chaighdeán idirnáisiúnta agus bíonn an-tóir ar na táirgí a bhaineann gradaim amach, táirgí iad seo a bhíonn ar chaighdeán an-ard ó thaobh táirgthe de.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Tá ard mholadh tuilte ag ár gcliantchomhlachtaí ar fad atá ag treabhadh an ghoirt go paiteanta i rith tréimhse atá fíor chorraitheach. Is maith atá a ngradam tuilte ag An Builín Blasta, Micilín Muc, Drioglann Dhaingean Uí Chúis agus Folláin agus tréaslaíonn muid a ngradaim leo. Tá muid thar a bheith mórtasach as na cliantchomhlachtaí seo atá lonnaithe sa nGaeltacht agus atá ag déanamh a gcuid chun blas na hÉireann a chur chun cinn anseo sa mbaile agus thar lear.”

 

Sonraí na nGradam a thug Cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta leo

Cliantchomhlacht Contae Gradam Táirge
Builín Blasta Gaillimh Gradam Rogha na Gaeltachta Smoked Onion Mayonnaise
Builín Blasta Gaillimh Bonn airgid d’anlann Smoked Onion Mayonnaise
Micilín Muc Ciarraí Bonn óir d’ispíní muiceola Micilín Muc's Smokey BBQ flavour pork sausages
Drioglann Dhaingean Uí Chúis Ciarraí Bonn óir do bhiotáille dorcha Dingle Single Pot Still 3rd Release
Drioglann Dhaingean Uí Chúis Ciarraí Bonn óir do bhiotáille bán Distillery Dingle Original Gin
Folláin Corcaigh Bonn óir do subh Signature Tastes & Inspired By Centra Raspberry Conserve
Folláin Corcaigh Bonn óir do bhlastán Dunnes Stores Maple and Mustard Dressing
Folláin Corcaigh Bonn óir do mhustard Signature Tastes Wholegrain
Folláin Corcaigh Bonn óir d’anlann goinbhlasta Simply Better Irish Made Gherkin Relish with Mustard
Folláin Corcaigh Bonn airgid do mhustard Simply Better Handmade Wholegrain Mustard with Honey
Folláin Corcaigh Bonn airgid d’anlann goinbhlasta Signature Tastes Roast Pepper Relish
Folláin Corcaigh Bonn airgid d’anlann goinbhlasta Supervalu Signature Tastes Beetroot Relish
Folláin Corcaigh Bonn Cré-umha do seatnaí Specially Selected Irish Chutney Ploughmans
Folláin Corcaigh Bonn cré-umha d’anlann Dunnes Stores Simply Better Handmade Sweet Chilli Sauce

 

 

EXPO Gaeltachta 2020 - Bia & Deoch

Mar chuid de cheiliúradh 40 bliain ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta déanfar aird a dhíriú ar an dul chun cinn atá déanta ag táirgí bia agus deoch na Gaeltachta.  Déanfar é sin ar fad le linn EXPO Bia & Deoch Údarás na Gaeltachta a bheidh á thionól ar líne ag deireadh na míosa seo.  Beifear ag féachaint ar na comhlachtaí Gaeltachta a bhfuil barr feabhais curtha acu ar a gcuid táirgí le beagnach dhá scór bliain anuas, an tacaíocht a thug Údarás na Gaeltachta dóibh agus an cháil atá ar a gcuid táirgí ní amháin go náisiúnta ach go hidirnáisiúnta freisin.