Gaeltacht Dhún na nGall – Tá Saol Úr Romhat tar éis Covid-19

Feachtas físeáin seolta ag Údarás na Gaeltachta chun daoine a mhealladh chuig Gaeltacht Dhún na nGall tar éis Covid-19

5 Deireadh Fómhair, 2020

nóiméad léite

Dhún na nGall

Tá feachtas físeáin seolta ag Údarás na Gaeltachta inniu chun aird a tharraingt ar an gcaighdeán saoil agus na deiseanna atá ar fáil do dhaoine agus teaghlaigh i nGaeltacht Dhún na nGall.

Gaeltacht Dhún na nGall – Tá Saol Úr Romhat – Cad chuige bhfuil tú ag fanacht? atá mar phríomh-theachtaireacht ag an bhfeachtas atá dírithe ar dhaoine a mhealladh ar ais nuair atá srianta COVID-19 laghdaithe, chun cothromaíocht saoil níos fearr a bhaint amach agus leas a bhaint as an iliomad deiseanna atá ar fáil dóibh i nGaeltacht Dhún na nGall.

Ní amháin go ndéanfaidh an feachtas an pobal Gaeltachta atá ina gcónaí in áiteanna eile in Éirinn a mhealladh ar ais ach tá sé dírithe ar an diaspóra ar fud an domhain chomh maith agus léiríonn sé gur féidir le daoine feidhmiú go héifeachtach ó cheann de na moil dhigiteacha gteic atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta.

Léiríonn an físeán áilleacht na Gaeltachta, ceantair Ghaoth Dobhair agus na Rosann sa gcás seo, chomh maith leis an iliomad áiseanna agus deiseanna caithimh aimsire agus oideachais atá ar fáil do dhaoine agus do theaghlaigh atá ina gcónaí sa gceantar seo.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, ag seoladh an fheachtais ar maidin:

“Tá saol úr nua den scoth ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall agus ba mhaith le hÚdarás na Gaeltachta é sin a léiriú don domhan mór. Is léir ó thionchar an víris COVID-19 go bhfuil idir dúshláin agus deiseanna cruthaithe aige do dhaoine agus gur mian le daoine aistriú amach as na cathracha agus blaiseadh a fháil do chothromaíocht saoil níos fearr. Nuair a ardaíonn na srianta dianghlasála ba mhaith linn a thaispeáint dóibh go bhfuil a leithéid le fáil sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Tá áiseanna den scoth ar fáil sa ngréasán de mhoil dhigiteacha gteic atá á fhorbairt againn.”

gteic@Gaoth Dobhair oscailte don phobal le dhá bhliain anois agus tá sé mar chuid de líonra de 31 mol nuálaíochta & digiteacha le ceangal ardluais leathanbhanda atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta. De bharr tacaíocht maoinithe ón gciste RRDF is gearr go mbeidh urlár nua breise réidh le cur le háiseanna gteic@Gaoth Dobhair a mbeidh suas le 100 deasc eile ar fáil ann.

Cuireann gteic@Gaoth Dobhair áiseanna den scoth ar fáil do ghnóthaí, lucht nuálaíochta, fiontraithe agus cianoibrithe ar rátaí iomaíocha agus i láthair oibre chruthaitheach agus bhríomhar.

Is féidir gach eolas maidir leis na deiseanna atá ar fáil do dhaoine i nGaeltacht Dhún na nGall a fháil trí rphost a sheoladh chuig gaothdobhair@gteic.ie

Beidh an feachtas físeáin le feiceáil ar chainéil mheáin shóisialta Údarás na Gaeltachta le nasc chuig cainéal YouTube na heagraíochta agus tá eagraíochtaí Conallacha agus Gaeltachta á spreagadh lena scaipeadh go forleathan.

Sonraí

Nasc chuig an bhfíseán: https://youtu.be/IPemKOKCrbU