Ceannródaíocht Idirnáisiúnta ón nGaeltacht sa nGeilleagar Gorm

Ní ar mhuir ná ar thír a reáchtálfar Lá Mara 2020 Údarás na Gaeltachta ach le hócáid fhíorúil den scoth

18 Meán Fómhair, 2020

nóiméad léite

Beidh saineolas maidir le hinbhuanaitheacht na mara go mór i gceist le hócáid fhíorúil Lá Mara 2020, seimineár gréasáin mara domhanda atá á eagrú ag Údarás na Gaeltachta Déardaoin an 24ú Meán Fómhair mar chuid den Lá Domhanda Muirí.

Beidh saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta mara ina gceann feadhna ag an ócáid, ag roinnt a gcuid saineolais agus taithí ar raon leathan ábhar cainte- an tábhachtach a bhaineann le nuálaíocht agus inbhuanaitheacht in earnáil na mara ach go háirithe.

Fiosróidh an seimineár gréasáin fairsinge an Gheilleagair Ghorm agus na buntáistí don Ghaeltacht agus d’Éirinn go ginearálta.  Tá dearcadh an tseimineáir i dtaobh gnó agus tionscail tráthúil agus cuí ós rud é go bhfuil an domhan tiomanta tabhairt faoi ghealltanais maidir le fuinneamh in-athnuaite go fonnmhar agus an ról atá ag braislí i gcúrsaí mara amach anseo agus leagfar béim faoi leith ar an ‘nGeilleagar Gorm’.   Tá ceangal gar ag inbhuanaitheacht na Gaeltachta le forbairt inbhuanaithe na mara, agus fiosróidh an seimineár gréasáin an bealach gur féidir traidisiúin phobail cois cósta agus deiseanna nua teicneolaíochta agus gnó a úsáid chun forbairt inbhuanaithe a chruthú ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta.

 

Déanfaidh feirmeoir gliomach den tríú glúin, gur eolaí aeráide freisin é, cur síos ar an tábhacht atá ag an bpobal, cultúr, an cósta agus ag an aeráide ar oileáin Maine i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a dtionchar ar bhreis forbartha ar gheilleagar Maine.   Beidh suim faoi leith ag lucht bainte, feirmeoirí agus táirgeoirí feamainne sa gcaint ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán cuí maidir le baint inbhuanaithe feamainne atá fiáin agus feirmshaothraithe agus na deiseanna breis luacha chun tuilleadh post agus saibhreas a chruthú as feamainn.  Is féidir bia mara feirmshaothraithe a úsáid chun cabhrú le gníomhú aeráide agus is féidir le earnáil rathúil mara tacú le slándáil an tsoláthair bhia agus sláinte phoiblí.

 

Tá Lá Mara á óstáil ag Údarás na Gaeltachta don dara bliain tar éis ócáid tionscnaimh iontach a reáchtáil ag Páirc na Mara i gCill Chiaráin in 2019.  Rinneadh ceiliúradh ar chuile ní a bhain leis an bhfarraige, idir tógáil currach, baint feamainne, fuinneamh in-athnuaite agus úsáid coiréil mar fheiste leighis, tá Lá Mara anois mar chuid lárnach d’fhéilire mara na hÉireann.  De bharr srianta COVID-19 beidh lucht féachana idirnáisiúnta anois in ann blaiseadh a fháil den obair a dhéanann Údarás na Gaeltachta chun tacú le hearnáil na mara i gceantair Ghaeltachta na hÉireann.

De bharr na tréimhse éiginnte seo tá breis béime leagtha ar thábhacht na hearnála mara agus a ról lárnach i bpobail na Gaeltachta agus na hÉireann.  Caithfear aird agus nuálaíocht suntasach a dhíriú ar inbhuanaitheacht na n-acmhainní nádúrtha tábhachtacha seo a chothaigh agus a bheathaigh pobail na hÉireann.  Taobh istigh de ghlúin amháin, tá saol ar chósta na hÉireann athraithe ó cheann a bheathaigh teaghlach go ceann gur féidir slí bheatha a bhaint as agus gnó rathúil agus inbhuanaithe a bhunú.  Is iomaí deis fostaíochta atá cruthaithe ag earnáil na mara le himeacht na mblianta.

‘Tá súil againn cur le hócáid iontach na bliana seo caite agus taispeáint do dhaoine na buntáistí a bhaineann le hearnáil na mara agus an chaoi ar chothaigh agus ar bheathaigh sí pobail cois cósta.  Beidh aoíchainteoirí na bliana seo, cé gur go fíorúil a bheidh siad i láthair, in ann cúrsaí teicneolaíochta a shárú chun blaiseadh breá a thabhairt den bhealach gur féidir lenár dtraidisiúin a bheith faoi bhláth taobh le taobh le teicneolaíochtaí agus nósanna imeachta nua chun cabhrú leis an aeráide agus leis an timpeallacht ar bhealach inbhuanaithe.’

Mark de Faoite, Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta & Maoine, Údarás na Gaeltachta

Tionólfar an seimineár gréasáin Déardaoin an 24ú Meán Fómhair 2020 ón 12.00 – 16.30 agus is féidir leo siúd ar mhaith leo freastal clárú ag https://www.eventbrite.ie/e/la-mara-domhanda-tickets-121077428849

 

Aoíchainteoirí ag Seimineár Gréasáin Lá Mara 2020

Val Cummins              Stiúrthóir Oibríochtaí & Tionscnamh Simply Blue Energy

Melaine Siggs             Stiúrthóir Gníomhaíochtaí Straitéiseacha Global Aquaculture Alliance

Dave Garforth            Comhairleoir ag RS Standards

Clodagh Barry             Stiúrthóir & Bunaitheoir The Cluster Centre

Frank Kane                  Ceannasaí Foirne ag Foras na Mara

Sam Belknap                 Eolaí Aeráide & Oifigeach Sinsearach Forbartha Pobail leis an Island Institute, Maine

Mark de Faoite           Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta & Maoine in Údarás na Gaeltachta

 

Cathaoirleach: Micheál Ó Cinnéide  Iar-Stiúrthóir ar an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

 

Sonraí na hócáide:

Dáta:                    Déardaoin 24ú Meán Fómhair 2020

Am:                      12.00 – 16.30

Clárú:                   https://www.eventbrite.ie/e/la-mara-domhanda-tickets-121077428849