Comhoibriú trasnáisiúnta ag dul chun tairbhe Gheilleagar Digiteach na Gaeltachta / Gaeltacht Digital Economy to benefit from transnational collaboration

2 Meán Fómhair, 2020

nóiméad léite

Comhoibriú trasnáisiúnta ag dul chun tairbhe Gheilleagar Digiteach na Gaeltachta

Táthar ag súil go rachaidh fógra an lae inniu, go bhfuil Údarás na Gaeltachta ina mball iomlán de ERNACT, European Regions Network for the Application of Communications Technology, chun tairbhe go mór do gheilleagar digiteach Ghaeltacht na hÉireann. Beidh deis ag ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus sa Mhí anois ar eolas agus dea-chleachtas a roinnt agus chun tionscnaimh comhoibríocha trasnáisiúnta a bheartú agus a chur i bhfeidhm le gréasán de 9 réigiún eile ERNACT i 7 dtír ar fud na hEorpa, Chríoch Lochlann agus Cheanada.

Leagann plean straitéiseach Údarás na Gaeltachta an-bhéim ar gheilleagar digiteach na Gaeltachta agus ar thrasfhoirmiú digiteach, lena n-áirítear forbairt ghréasán gteic, gréasán de 31 mol digiteach fud fad na Gaeltachta atá bunaithe ar nuálaíocht, fiontraíocht agus cianoibriú.  Beidh ballraíocht in ERNACT an-tairbheach do phobail Ghaeltachta agus an geilleagar digiteach ag éirí níos luachmhaire agus deiseanna foghlama, nuálaíochta agus comhoibrithe le réigiúin imeallacha eile na hEorpa ag teacht chun cinn.  Beidh moil gteic agus comhlachtaí ábhartha Gaeltachta in ann tarraingt as saineolas idirnáisiúnta i réimse na teicneolaíochta freisin de bharr na socruithe nua seo.

Le cúpla bliain anuas d’oibrigh Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirtíocht le réigiúin agus cathracha ERNACT ar bhunús tionscnaimh, lena n-áirítear teacht trasfhoirmiú digiteach san iascaireacht agus turasóireacht agus forbairt na mol digiteach nuálaíochta.  Is údaráis phoiblí réigiúnacha agus cathracha, ollscoileanna agus áisíneachtaí forbartha atá mar chuid de ghréasán ERNACT atá ag oibriú lena chéile ón mbliain 1991 chun fáil a bheith acu ar chláir agus ar mhaoiniú de chuid an Aontais Eorpaigh chun luach iarrachtaí trasfhoirmiú digiteach chuile réigiún a mhéadú.  Léiríonn an tréimhse seo le gairid agus an paindéim domhanda cé chomh tábhachtach is atá an teicneolaíocht dhigiteach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh:

“Cuirfidh ballraíocht iomlán i ngréasán ERNACT ar ár gcumas forbairt a dhéanamh ar an gcomhoibriú láidir seo, trí phleanáil le chéile le réigiúin ERNACT eile chun an buntáiste is fearr a fháil as beartais mhéadaithe maidir le trasfhoirmiú digiteach inbhuanaithe atá beartaithe do chláir nua an AE don tréimhse 2021-2027”.

 Dúirt Colm McColgan, Bainisteoir Ginearálta ERNACT:

“cuirfidh na cultúir agus teangacha éagsúla a bhfuil ionadaíocht á dhéanamh ag gréasán ERNACT orthu, go háirithe anois agus réigiún Gaeltachta na hÉireann san áireamh, go mór ar ár gcumas cur chuige agus réitithe uathúla a chur ar fáil do dhúshláin thrasfhoirmiú digiteacha na hEorpa”.

 Críoch

Tuilleadh eolais:

Páid Ó Neachtain,

Feidhmeannach Caidrimh Phoiblí,

Údarás na Gaeltachta.

087-3012510/ pon@udaras.ie