Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta

27 Iúil, 2020

nóiméad léite

An Laoi

Tacaíocht do 33 post nua ceadaithe le hinfheistíocht de €2.2m i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí ina mbeidh 33 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €2.2m ag baint leo nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gcontaetha na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Port Láirge is mó a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu.

 

Forbairt Earnáil na Turasóireachta sa nGaeltacht 2020/2021 agus Plean Téarnaimh i gcomhthéacs COVID-19

Tugadh eolas do Bhord Údarás na Gaeltachta ag a gcruinniú inniu (27/7/2020) ar a thábhachtaí is atá forbairt inmharthana na hearnála turasóireachta do gheilleagar na Gaeltachta ó thaobh an tionchair eacnamaíochta a eascraíonn as agus an fhostaíocht atá cruthaithe dá bharr.

Tugadh léargas ar na scéimeanna tacaíochta agus deontais atá ar fáil do thograí turasóireachta príobháideacha agus do thograí pobalbhunaithe atá ag saothrú nó atá iarraidh gnó a bhunú in earnáil na turasóireachta sa Ghaeltacht.

Léiríodh tábhacht na hearnála seo d’fhorbairt gheilleagrach na Gaeltachta agus go raibh infheistíocht de luach €18 milliúin déanta ag Údarás na Gaeltachta san earnáil le 20 bliain anuas, idir chabhair deontais agus trí infheistíocht i scaireanna.

Léiríodh go raibh suas le circa 870 post lánaimseartha agus 200 páirtaimseartha/séasúracha fostaithe i thart ar 180 cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta in 2019.

Taobh amuigh den fhostaíocht dhíreach atá curtha ar fáil ag cliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis féin, tá roinnt mílte eile fosaithe i seirbhísí ar nós ionad cuairteoirí, óstlanna, bialanna, siopaí, agus i ngnóthaí agus seirbhísí gaolmhara ar nós ranganna Gaeilge agus seirbhísí forbartha eile.

 

Tugadh le fios don Bhord gur ghlac Údarás na Gaeltachta air féin tacú leis an earnáil chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim COVID-19, chun tacú le bunsraith forbartha na hearnála oiread agus is féidir agus chun an Ghaeltacht a chur chun cinn mar cheann scríbe turasóireachta.  Leagadh amach Plean Téarnaimh don Turasóireacht Ghaeltachta ina mbeifear ag díriú ar 6 sprioc éagsúla chun ceantair, daoine agus gnóthaí a chumasú chun an Ghaeltacht a chur chun cinn mar cheann scríbe don chuairteoir agus na margaí turasóireachta á n-oscailt arís.

Is iad na príomhchuspóirí agus gníomhaíochtaí atá leagtha amach don phlean don tréimhse go Bealtaine 2021:

  1. Síneadh bliana a chur le Scéim Forbartha Turasóireachta Údarás na Gaeltachta
  2. Forbairt ar Tháirgí, Áiseanna agus Seirbhísí i gcomhair le Pobail Ghaeltachta
  3. Ionaid Cuairteoirí le hOscailt (Tograí Straitéiseacha)
  4. Margaíocht Cheann Scríbe (Destination Marketing) don Ghaeltacht
  5. Turasóireacht Teanga a fhorbairt mar acmhainn ar leith.

 

Dlús á chur le forbairt gréasán gteic ar fud na Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta caiteachas caipitil d’os cionn €348,000 do 7 mol digiteach gteic ar fud na Gaeltachta i nGaillimh, Dún na nGall agus Ciarraí chun oibreacha éagsúla a chur i gcrích.

Ina measc ceadaíodh soláthar caipitil €97,250 chun mol digiteach gteic nua a fhorbairt i mBaile na Finne i nDún na nGall. Beidh an t-ionad seo mar chuid de Ghréasán Digiteach Gaeltachta – gteic – atá á fhorbairt fud fad na Gaeltachta. Achar de 157 méadar cearnach a bheidh á athchóiriú agus á fheistiú ar ardchaighdeán le leathanbhanda ardluais a cheadóidh do phobal na Gaeltachta filleadh uirthi nó fanacht ina gceantar féin trí dheiseanna cianoibre ag deasca sealaíochta agus spásanna oibre comhionaid. Táthar ag súil gur 6 dheasc a bheidh ar fáil i gteic@Baile na Finne chomh maith le seomra comhdhála agus áiseanna cistine agus sosa.

Líonra de 31 mol nuálaíochta agus digiteacha le ceangal ardluais leathanbhanda é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta arna fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta. Cuirfidh na moil dhigiteacha gteic líonra bríomhar d’áiseanna leathanbhanda ardluais ar fáil i gceantair tuaithe Ghaeltachta chun cruthú post a chothú, cabhrú le cianobair, filleadh Dhiaspóra na Gaeltachta a spreagadh agus a chumasú, forbairt coincheapanna agus gnó nua a éascú, agus chun pobal de mhoil a fhorbairt, áit ina gcothaíonn cultúr uathúil na Gaeltachta an chruthaitheacht agus an nuálaíocht. Tá ocht gcinn de mhoil gteic oscailte faoi láthair ar fud na Gaeltachta agus súil go mbeidh 25 mol oscailte roimh dheireadh na bliana nó go luath in 2021 ag brath ar shrianta COVID-19.

 

€1.7m ceadaithe do Chlár Oiliúna agus Oideachais Údarás na Gaeltachta 2020/2021

Thug Bord Údarás na Gaeltachta a mbeannacht inniu (27/07/20) do Scéimeanna Oiliúna agus Oideachais Údarás na Gaeltachta 2020/2021. Is é cuspóir straitéiseach na Scéimeanna ná cur le bunús agus caighdeán scileanna sa Ghaeltacht. Tá forbairt na n-acmhainní seo mar bhunchloch do chomhdhéanamh agus d’fheidhmiú an chláir ghinearálta forbartha atá á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta. Tá buiséad de €1.3m ceadaithe d’fheidhmiú an chláir don tréimhse 2020/2021 agus tá sé dírithe ar spriocghrúpaí foghlamtha áirithe mar:

Ábhar Printísigh, Fiontraithe Úra, Mic léinn Gaeltachta, Iarchéimithe/Daoine Gairmiúla, Gnóthaí Beaga agus Meánmhéide, Comhlachtaí agus eagrais Forbartha Pobail, mic léinn bunscoile agus iar-bhunscoile chomh maith le saoistí agus saoistí agus rannpháirtithe na scéimeanna SST agus SFP.

Beidh tuilleadh eolais ar na scéimeanna éagsúla á bhfógairt in am trátha de réir mar a chuirtear os comhair an phobail iad.

 

Éacht déanta ag Ríthe Phobalscoil Chorca Dhuibhne

Rinne Bord Údarás na Gaeltachta comhghairdeachas le daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Liam Ó hÓgáin, Patrick Saunders agus Finn Daibhéis as ucht an t-ionadaíocht den scoth a rinne siad thar ceann na hÉireann agus na Gaeltachta ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa 2020 an tseachtain seo caite.

Is go fíorúil a rinne triúr fhiontraithe Chorca Dhuibhne a gcuid iomaíochta le ‘Rí na bhFocal’, cluiche Cláir Ghaeilge idirghníomhach teanga.  Bhí an comórtas le bheith ar siúl sa bPortaingéil i mbliana ach de bharr paindéim COVID-19 is ar líne a reáchtáladh an comórtas. Seo an dara huair ag buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta páirt a ghlacadh i gCraobh na hEorpa den Chomórtas.