Súil ag Fiontraithe Óga as Corca Dhuibhne a bheith ina Ríthe ar an Eoraip

15 Iúil, 2020

nóiméad léite

Liam Ó hÓgáin, Finn Daibhéis agus Patrick Saunders as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Liam Ó hÓgáin, Finn Daibhéis agus Patrick Saunders as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí a dhéanfaidh ionadaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas Chomhlacht na Bliana

Is go fíorúil a dhéanfaidh triúr fiontraithe óga as Corca Dhuibhne triail ar an Eoraip an tseachtain seo chugainn agus súil acu go mbeidh siad ina ríthe ar an Eoraip lena gcluiche boird teanga.

‘Rí na bhFocal’, comhlacht nua a bhunaigh Liam Ó hÓgáin, Finn Daibhéis agus Patrick Saunders as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí a dhéanfaidh ionadaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa 2020 an tseachtain seo chugainn ón 22- 24 Iúil.  Bhí an comórtas le bheith ar siúl sa bPortaingéil i mbliana ach de bharr paindéim COVID-19 is ar líne a reáchtálfar an comórtas anois ón 22 – 24 Iúil.  Seo an dara huair ag buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta páirt a ghlacadh i gCraobh na hEorpa den Chomórtas.

Is Cluiche Cláir Ghaeilge idirghníomhach an féidir le hidir 2 - 6 imreoir agus gasúir agus daoine fásta aois ar bith Rí na bhFocal a imirt. Bhí iomaíocht ghéar idir fhiontraithe óga Chorca Dhuibhne agus an 750 dalta idirbhliana as ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, An Mhí agus Port Láirge chun Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta a bhuachan i mí Bealtaine. Is ar líne a tionóladh an Chraobh Náisiúnta de bharr srianta COVID-19 agus thug sé sin taithí do Rí na bhFocal cleachtadh a fháil a bheith san iomaíocht ar ardán fíorúil agus de bharr an smaoineamh gnó nuálach agus an léiriú den scoth a rinneadar thug siad an lá leo.  Ba í Trish Uí h-Éanacháin, múinteoir gnó sa scoil, a thug cúnamh d’fhoireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne a smaoineamh gnó a fhorbairt chomh maith le tacaíocht ó fheidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.

"Chuir tacaíocht Údarás na Gaeltachta ar chumas os cionn 750 dalta sa tsraith shinsearach taithí phraiticiúil fhiontraíochta a fháil sna Gaeltachtaí ar fad tríd Chlár na gComhlachtaí i mbliana."

Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland Helen Raftery

Le linn Chomórtas na hEorpa, a mhairfidh 3 lá, cuirfidh Liam, Finn agus Patrick a dtáirge, comhlacht, dul chun cinn agus a gcuid pleananna os comhair na moltóirí agus fiontraithe óga ó 27 ballstát AE atá san iomaíocht.

Tá Rí na bhFocal san iomaíocht freisin do Ghradam Rogha an Phobail, a chinnfear trí vóta poiblí ar líne.  Is faoin bpobal atá sé buaiteoir a roghnú agus beidh an vótáil oscailte ó mheánlae an 17ú Iúil go dtí an 11am an 24 Iúil. Is féidir vóta a chaitheamh do Liam, Finn agus Patrick ag www.jacompanyoftheyear.org

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh: “Tá muid an-bhródúil go bhfuil foireann den scoth ar nós Rí na bhFocal ag dul chun na hEorpa ní amháin ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ach ar son na gceantar Gaeltachta chomh maith.  In ainneoin na tréimhse éiginnte seo ba mhór an spreagadh an oiread sin fiontraithe óga a fheiceáil páirteach i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2020. Léiríonn eolas agus díograis na ndaltaí seo go bhfuil an fhiontraíocht sa nGaeltacht slán sábháilte. Agus cé go bhfuil athrú tagtha ar an gcaoi a bhfuiltear san iomaíocht ag Craobh na hEorpa i mbliana tá mé cinnte go n-éireoidh thar cionn le Liam, Finn agus Patrick as Pobalscoil Chorca Dhuibhne le Rí na bhFocal agus go n-éirí an t-ádh leo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland Helen Raftery: “Murar fhoghlaim muid a dhath riamh ó phaindéim COVID-19 is é go bhfuil spiorad dochloíte ag mic léinn dara leibhéal agus fuair a neart agus a solúbthacht an ceann is fearr ar dhúshláin chun a n-áit a aimsiú ar ardán idirnáisiúnta.  Chuir tacaíocht Údarás na Gaeltachta ar chumas os cionn 750 dalta sa tsraith shinsearach taithí phraiticiúil fhiontraíochta a fháil sna Gaeltachtaí ar fad tríd Chlár na gComhlachtaí i mbliana. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta, leis na múinteoirí agus na meantóirí gnó as ucht na deiseanna foghlama seo a chur ar fáil do na daltaí. Beidh na scileanna a d’fhoghlaim agus a chur na fiontraithe óga seo i bhfeidhm tríd Chlár na gComhlachtaí an-luachmhar agus iad ag dul amach i saol na hoibre.