Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta

14 Iúil, 2020

nóiméad léite

Áras Éanna

Fáilte roimh Airí nua na Gaeltachta

Rith Cathaoirleach agus Bord Údarás na Gaeltachta rún comhghairdis ar a gceapachán leis an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, TD agus leis an Aire Stáit don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus Spórt, Dara Calleary TD agus tá súil acu a bheith ag comhoibriú leis na hAirí nuacheaptha chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Tús á chur le réiteach Phlean Straitéiseach 5 bliana nua d’Údarás na Gaeltachta

Cruinniú speisialta straitéise de chuid Bhord Údarás na Gaeltachta a reáchtáladh inniu chun dlús a chur le réiteach Phlean Straitéiseach nua don eagraíocht don chúig bliana amach romhainn.

Rinneadh mionphlé ag cruinniú an lae inniu, a reáchtáladh ar líne de bharr srianta COVID-19, ar théamaí, treochtaí agus fís don Ghaeltacht san am atá le theacht. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i mórán gnéithe de shaol phobal na Gaeltachta idir cúrsaí geilleagair, forbartha pobal agus cur chun cinn na Gaeilge.  Léireoidh an straitéis nua atá á réiteach an nasc tábhachtach leis an bpobal, an cheannródaíocht a léirítear agus an nuálaíocht a bhaineann le hobair na heagraíochta sna hearnálacha ina mbítear ag feidhmiú.

Tugadh eolas don Bhord ar an dul chun cinn a rinneadh leis an straitéis reatha a thiocfaidh chun críche ag deireadh na bliana seo.

  • Ag tacú le 7,844 post lánaimseartha ar an talamh ag deireadh 2019.
  • Díolachán comhlachtaí Gaeltachta seasmhach ag os cionn €800m go bliantúil chomh maith le híocaíochtaí párolla os cionn €180m agus aisíocaíochtaí cánach measta os cionn €75m go bliantúil.
  • Bunaíodh gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta ina mbeidh suas le 27 ionad gteic oscailte ar fud na Gaeltachta roimh dheireadh na straitéise;
  • Forbraíodh agus leagadh amach bunsraith láidir do Bhranda Gaeltacht na hÉireann chun feabhas na gceantar Gaeltachta a chur chun cinn;
  • Tá 18 plean teanga ullmhaithe agus i mbun feidhme, 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus Oifigigh Cúnta fostaithe, obair ar siúl i ngach ceann de na 26 LPT;
  • Deontas reáchtála á fheidhmiú do 33 eagras forbartha pobal-bhunaithe ar fud na Gaeltachta, le buiséad d’os cionn €2.7m ar fad.
  • Tograí féideartha bunaithe, beartaithe agus ceadaithe faoi scéim RRDF le tacaíocht ceadaithe de €5.8m.
  • Iarratas pleanála cuimsitheach réitithe agus curtha isteach do mhórthogra Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.
  • Ceangal láidir gur féidir tógáil air cothaithe le Diaspóra na Gaeltachta trí imeachtaí, ócáidí, nuachtlitreacha agus misin trádála.
  • Os cionn 1,000 rannpháirtithe ar Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta sa Ghaeltacht le hinfheistíocht d’os cionn €17m.
  • Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta á chur i bhfeidhm le 15 oifigeach forbartha turasóireachta fostaithe ar fud na Gaeltachta.
  • Tograí Straitéiseacha Turasóireachta aitheanta agus á bhforbairt i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
  • Cur i bhfeidhm 8 gcinn de thograí taighde Eorpacha i gcomhar le páirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta le buiséad €2.4m.
  • Clár suntasach oiliúna de luach €2m á chur i bhfeidhm go bliantúil ag cumasú pobal na Gaeltachta agus ag soláthar scileanna riachtanacha.

Tugadh le fios don Bhord nach raibh dabht ach go raibh an Plean Straitéiseach nua seo á chur le chéile ag am dúshlánach, ní hamháin don Ghaeltacht ach don tír, don Eoraip agus don domhan trí chéile.  Beidh dúshláin go leor ag baint leis an tréimhse chúig bliana seo romhainn ó thaobh an Bhreatimeachta de, agus freisin de bharr géarchéim COVID-19 atá tar éis athrú ó bhonn a chur ar an saol eacnamaíoch, cultúir agus sóisialta.

Táthar ag súil comhairliúchán a dhéanamh i dtús báire le Bord agus foireann Údarás na Gaeltachta chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha agus lena chois sin ag cinntiú ach go háirithe go bhfuil tuairimí ógánaigh na Gaeltachta ar an bhfís atá acu dá gceantar á chur san áireamh sa straitéis.

Léiríodh don Bhord, in ainneoin na ndúshlán suntasach atá ann faoi láthair, go bhfuil deiseanna go leor ann don Ghaeltacht sna chúig bliana amach romhainn agus é mar aidhm ag Údarás na Gaeltachta na deiseanna sin a thapú ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chun an buntáiste is fearr a bhaint amach do phobal na Gaeltachta sa tréimhse 2021-2025.