Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh dheimhniú ar chiste €5m do chliantchomhlachtaí faoin gCiste Cothaithe Fiontair COVID-19

22 Meitheamh, 2020

nóiméad léite

New official Coronavirus name adopted by World Health Organisation is COVID-19. Inscription COVID-19 on blue background

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh dheimhniú Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hOileáin, an Seanadóir Seán Kyne, go mbeidh rochtain ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar réimse iomlán tacaíochtaí faoin gCiste Cothaithe Fiontair, agus €5m ar fáil mar thús.

Is de bharr dlúthchomhar idir Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Fiontair, Gnó agus Nuálaíochta atá rochtain do chliantchomhlachtaí Gaeltachta ar an gciste seo ar fáil agus mar chuid d’fhreagra comhtháite an Rialtais ar ghéarchéim COVID-19 agus an tionchar atá aige ar ghnóthaí.

Cuireann muid céad fáilte roimh an dearbhú seo go mbeidh deis ag comhlachtaí incháilithe Gaeltachta a theacht ar chiste de €5m de thacaíochtaí airgeadais chun cabhrú leo teacht as an ngéarchéim seo.

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh

Tagann sé seo sna sála ar mhaoiniú breise €0.6m a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta le gairid chun an Scéim Trádála Ar Líne a fheidhmiú sa Ghaeltacht.

Cinntíonn an deimhniú seo inniu go mbeidh rochtain ag fiontair Ghaeltachta ar an gCiste €180m Cothaithe Fiontair, atá á riaradh ag na háisíneachtaí Stáit le cúraimí fiontraíochta, Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann san áireamh, agus atá á chur ar fáil do chliantchomhlachtaí chun trádáil sa ngéarchéim reatha, faoi mar a d’aontaíodh an Roinn Fiontair, Gnó agus Nuálaíochta leis an gCoimisiún Eorpach faoin gcreat sealadach Cúnaimh Stáit.

Tá an Ciste Cothaithe Fiontair €180m dírithe go sonrach ar gach comhlacht le 10+ fostaí a bhfuil tionchar ag COVID-19 orthu ach atá fós inmharthana. Tá an ciste ar fáil do chliaint incháilithe Údarás na Gaeltachta agus beidh sé á fheidhmiú i gcomhar le Fiontraíocht Éireann. Cuirfear réamh-íocaíochtaí, gur gá a aisíoc, agus scaireanna tosaíochta suas go €800,000, mar a aontaíodh leis an AE faoi rialacha nua Chúnamh Stáit ar fáil, chomh maith le hiasachtaí giaráilte ó mhargaí airgeadais, agus beidh €500m d’infheistíocht bhreise ar fáil do chomhlachtaí atá inmharthana ach leochaileach. Ní bheidh na deontais seo ach le haisíoc má agus nuair atá an gnó i mbarr a shláinte ó thaobh airgeadais arís. Ba chóir do chliantchomhlachtaí an Údaráis teagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta chun tús a chur leis an bpróiseas.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá muid ag obair go dúthrachtach le cúpla mí anuas chun tacú le daoine agus le comhlachtaí Gaeltachta a bhfuil an-tionchar ag paindéim COVID-19 orthu. Cuireann muid céad fáilte roimh an dearbhú seo go mbeidh deis ag comhlachtaí incháilithe Gaeltachta a theacht ar chiste de €5m de thacaíochtaí airgeadais chun cabhrú leo teacht as an ngéarchéim seo. Léiríonn an fógra seo an dea-thionchar ar an nGaeltacht a eascraíonn as an gcomhoibriú eadrainn féin agus Fiontraíocht Éireann, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Fiontair, Gnó agus Nuálaíochta. Leanfaidh muid ag obair as lámh a chéile lenár geallsealbhóirí ar fad i rith na tréimhse seo chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí agus acmhainní ábhartha ar fáil do ghnóthaí Gaeltachta sa tréimhse chorrach seo atá amach romhainn.”