Ag Slánú Eispéireas Cuartaíochta Samhradh 2020

22 Bealtaine, 2020

nóiméad léite

Kayaks on a beach on the Aran Islands

Tá sé de rún ag Údarás na Gaeltachta sraith ceardlanna a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta chun cabhrú le hearnáil na turasóireachta agus chun eispéireas cuartaíochta breise a fhorbairt ann.

 

Is léir go bhfuil tionchar tromchúiseach ag géarchéim COVID-19 ar earnáil na turasóireachta sa nGaeltacht agus d’fhéadfadh a raon sin a bheith le feiceáil amach in 2021 agus ní faide nó go mbeidh cuairteoirí idirnáisiúnta muiníneach dul i mbun taistil thar sáile arís. Tá sé ríthábhachtach mar sin go dtabharfaí tacaíocht d’earnáil na turasóireachta Gaeltachta faoi láthair chun pleananna a chur i dtoll a chéile don todhchaí agus eispéireas cuartaíochta na Gaeltachta do Shamhradh 2020 a shlánú.  Trí nuálaíocht a dhéanamh ar mhúnlaí gnó agus táirgí turasóireachta táthar ag súil gur féidir le hearnáil na turasóireachta Gaeltachta an tairbhe is mó a bhaint as an tréimhse ghairid a d’fhéadfadh a bheith ann an samhradh seo chun turasóirí intíre a mhealladh chun na Gaeltachta agus réiteach don ‘ghnás nua’ turasóireachta in 2021.

 

Tacóidh an sraith ceardlanna atá á n-eagrú le soláthróirí turasóireachta na Gaeltachta chun eispéireas cuartaíochta tarraingteacha a fhorbairt don mhargadh intíre in 2020 a bheadh ar fáil as seo go ceann 6 seachtaine má ardaítear srianta taistil do Chéim a 4 do phlean athoscailte na hÉireann.  Leanfaidh seisiúin meantóireachta duine ar dhuine na seisiúin oiliúna seo a bheidh á gcur i láthair ag saineolaithe turasóireachta agus beidh siad dírithe ar dhaoine a bhfuil táirge suimiúil le roinnt acu agus a thaitníonn leo a bheith i measc daoine agus a bheidh in ann treoracha maidir le sláinte poiblí a chur i bhfeidhm.

 

Tá treochtaí turasóireachta ag athrú, tá cuairteoirí ag iarraidh a bheith gníomhach sa réigiún agus taithí a bhaint as agus mar sin spreagfaidh na ceardlanna ar líne forbairt na n-eispéireas seo i réigiúin na Gaeltachta.  D’fhéadfadh eispéiris cuartaíochta a bheith bunaithe ar gníomhaíochtaí ar nós siúlóidí nó turais rothair treoraithe, ag foghlaim scil éigin nua ar nós arán baile le feamainn a bhácáil, casadh ceoil ar an mbodhrán a fhoghlaim nó feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, d’fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar rud a bhfuil an-suim agat ann ag dul chuig láithreacha stairiúla áitiúla nó béile a réiteach ag úsáid comhábhair a thaitníonn leat féin.  Bheifí ag súil gur ag freastal ar ghrúpaí beaga chun scaradh sóisialta a chinntiú a bheadh na heispéiris seo.

 

Beidh trí seisiún dhá uair an chloig i gceist leis na ceardlanna ar líne agus beidh na ceardlanna dírithe ar réigiún áirithe.  Is mar seo a bheidh na ceardlanna tosaigh ar siúl:

Réigiún na Gaillimhe, Maigh Eo & na Mí      10am - 12pm, Dé Luain 9ú Meitheamh

Réigiún Chorcaí, Chiarraí & na nDéise          2.30pm - 4.30pm, Dé Luain 9ú Meitheamh

Réigiún Dhún na nGall                                   10am - 12pm, Dé Máirt 10ú Meitheamh

 

Tar éis an t-seisiúin beidh ceacht le déanamh ag na rannpháirtithe chun sonraí an phlean atá beartaithe acu a chur i dtoll a chéile agus beidh seisiún duine ar dhuine ansin ina dhiaidh chun snas a chur ar an eispéireas agus é a chur suas ar líne.

Beidh na seisiúin dátheangach agus tá an spás teoranta do 15 duine ag gach seisiún agus tabharfar tús áite do thograí lonnaithe sa nGaeltacht gur féidir a chur ar siúl an séasúr seo.

Chun páirt a ghlacadh sna seisiúin ar líne seol rphost chuig saoire@udaras.ie chun tuilleadh eolais agus an fhoirm iarratais chuí a fháil.   Caithfidh na hiarratais a bheith istigh Aoine an 29ú Bealtaine 2020.