Ráiteas ó Chruinniú Choiste Comhairleach & Monatóireachta Phlean Gníomhaíochta Forbartha 5 Bliana Iorras Aithneach

1 Bealtaine, 2020

nóiméad léite

Droichead Charraig an Logáin
Droichead Charraig an Logáin

Tionóladh cruinniú de Choiste Comhairleach & Monatóireachta Phlean Gníomhaíochta Forbartha Iorras Aithneach inniu agus de bharr srianta taistil reatha COVID-19 is ar líne a tionóladh é.

Tionscnamh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin

Tugadh léargas do Choiste Comhairleach agus Monatóireachta Phlean Gníomhaíochta Forbartha 5 Bliana Iorras Aithneach ag a gcruinniú inniu ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an iarratas pleanála cuimsitheach atá á réiteach do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.  Tá plé suntasach déanta ag Údarás na Gaeltachta leis na háisínteachtaí Stáit cuí, Uisce Éireann san áireamh maidir leis an togra seo.  Sa bplé sin le hUisce Éireann dearbhaíodh go raibh siad sásta leis an gcur chuige a bhí beartaithe don Pháirc agus tá obair bhreise ar infreastruchtúr seirbhísí uisce san áireamh san iarratas pleanála. Ciallaíonn na gnéithe breise seo go gcuirfidh forbairt Pháirc na Mara leis an obair atá ar siúl ag Uisce Éireann sa gceantar chun seirbhísí uisce a sholáthar.

Léiríodh don gcoiste gur iarratas pleanála ilghnéitheach, casta agus fairsing atá i gceist le plean Pháirc na Mara agus bhí súil go mbeadh an t-iarratas faoi bhráid na Comhairle Contae sa gcéad ráithe den bhliain. Cé go bhfuil formhór na hoibre ar an iarratas curtha i gcrích, tá na srianta a bhaineann leis an ngalar COVID-19 ag cur cosc roimh na beartais dheiridh gur gá a chríochnú chun an t-iarratas a chur isteach. A luaithe is a ardaítear srianta scaradh sóisialta, beifear in ann measúnú níos cruinne a dhéanamh ar thréimhse críochnaithe an iarratais phleanála.

 

Síneadh le cur ar Ionad Oidhreachta na nImirceach

Tá Údarás na Gaeltachta agus Coiste Ionad Oidhreachta na nImirceacha i gCarna ag obair as lámh a chéile chun an tIonad i gCarna a fhorbairt mar thionscnamh straitéiseach turasóireachta. Mar chuid den phlean seo meastar go gcaithfear síneadh a chur leis an bhfoirgneamh chun an togra míniúcháin agus éispeireas cuairteoirí a fhorbairt agus a chur chun cinn. Chuige sin cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta tacaíocht do Choiste an Ionaid le gairid mar chomhmhaoiniú ar réiteach chun pleananna agus léaráidí a chur le chéile don síneadh a bheidh le cur leis an Ionad. Cabhróidh sé seo le hiarratas pleanála a réiteach agus le measúnú a dhéanamh ar chostas an togra. Dearbhaíodh freisin go raibh iarratas ar mhaoiniú seolta chuig an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacaíocht atá ag obair i gcomhair leis an Údarás ar thograí straitéiseacha turasóireacht ar fud na Gaeltachta.

gteic@Carna ag craoladh ar fud an domhain

Cé go bhfuil COVID-19 ag cur srian ar thaisteal agus ar imeachtaí is ag bláthú atá an obair atá ar siúl i gteic@Carna i rith an tréimhse. Le 6 seactaine anuas tá RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 ag feidhmiú ón gteic go laethúil de réir socrú atá déanta idir Údarás na Gaeltachta agus na meáin Ghaeltachta. Tá triúr duine áitiúil ag obair as an ionad dá bhrí sin ós rud é gur oibrithe riachtanacha iad. Tugadh le fios chomh maith go raibh spás breise feistithe mar sheomra comhdhála taobh leis an gteic agus a bheadh ar fáil le haghaidh cúrsaí nuair a bheadh deireadh leis na srianta taistil.

Tá Forbairt Chonamara Láir agus Údarás na Gaeltachta i mbun feachtais faoi láthair chun daoine a mhealladh chuig gteic@Carna agus táthar ag súil go mbeidh éileamh breise ar spásanna de bharr an cleachtadh atá ag daoine ar a bheith ag cianoibriú ón mbaile i rith na géarchéime reatha.