Ráiteas ó Chruinniú de ghrúpa stiúrtha agus monatóireachta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh

29 Aibreán, 2020

nóiméad léite

Baile an sceilg

Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh ag feidhmiú beag beann ar COVID-19

Tionóladh cruinniú de ghrúpa stiúrtha agus monatóireachta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh inniu beag beann ar na dúshláin atá COVID-19 a chruthú dá leithéid. Don chéad uair riamh agus de bharr srianta taistil reatha, is ar líne a tionóladh cruinniú den ghrúpa. Bhí baill an tascfhórsa, an ionadaithe iad ón bpobal agus ó institiúidí oideachais, Rialtais áitiúil agus Ranna Stáit, i láthair go fíorúil ar líne. D’aontaigh na baill gur comhartha dearfach ann féin é seo ar na céimeanna maithe atá á dtógáil ag eagrais pobail agus Stáit, agus ag comhlachtaí cumarsáide, chun na seirbhísí leathanbhanda i gceantar Uíbh Ráthaigh a fheabhsú de réir a chéile agus tiomantas na n-eagraíochtaí d’obair an tascfhórsa.

 

Fáilte roimh cheapachán Shane Grant ina Oifigeach Taighde

Chuir baill Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh fáilte mhór roimh cheapachán Shane Grant mar Oifigeach Taighde le hÚdarás na Gaeltachta ag cruinniú de ghrúpa stiúrtha agus monatóireachta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh a tionóladh ar líne inniu.  Thosaigh Shane i mbun a chuid dualgais ag tús na seachtaine seo, agus beidh a chuid oibre dírithe ar na beartais taighde atá sonraithe i bPlean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh 2019-2022.

Dúirt Dónal Ó Liatháin, Cathaoirleach Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh go bhfuil roinnt mhaith beartais sa bplean atá ag brath ar thaighde a bheith curtha i gcrích roimh ré agus go mbeidh ról lárnach ag Shane i gcur i bhfeidhm na mbeartas taighde sin. Beidh tionchar an taighde sin, dar leis, le feiceáil sna beartais a mbeidh deis ann anois iad a bhrú ar aghaidh sna míonna amach romhainn.

 

Tús curtha le taighde ar infreastruchtúr fiontraíochta agus tithíochta i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh

Mar chuid de bheartais Phlean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh tá tús curtha ag Údarás na Gaeltachta le taighde chun spásanna féideartha oifige/fiontraíochta agus tithíocht atá ar fáil ar cíos go fadtéarmach i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh a aithint. Tá sé aitheanta le fada an lá go bhfuil laincis ar an gceantar sa dá réimse seo agus go háirithe anois agus é mar sprioc ag an Tascfhórsa teaghlaigh agus fiontraithe a mhealladh chuig an gceantar álainn seo. Tá sé mar aidhm i bPlean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh go gcuirfear fáilte roimh 10 gclann nua go hUíbh Ráthach thar thréimhse trí bliana agus táthar ag súil de dheasca an taighde seo go mbeidh teacht níos éasca ar an eolas infreastruchtúir seo a bheidh ina bhuntáiste don gceantar.

Is é an taighdeoir aitheanta, an Dr. Breandán Ó Caoimh, a bhfuil go leor taighde den scoth déanta i gceantar Uíbh Ráthaigh roimhe seo aige, atá i mbun na hoibre thar ceann Údarás na Gaeltachta agus thug sé léargas do chruinniú an tascfhórsa ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo.