‘Go raibh maith agaibh’ Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an bhfeachtas buíochais trí Ghaeilge le hoibrithe an líne thosaigh i rith COVID-19

29 Aibreán, 2020

nóiméad léite

Go Raibh Maith Agaibh

Ní mórán duine in Éirinn nach bhfuil na focail ‘Go raibh maith agaibh’ ar eolas acu agus ní raibh tréimhse níos ábhartha riamh ann chun ‘Go raibh maith agaibh’ a rá leis na daoine ar fad atá ar an líne thosaigh i rith na tréimhse corraitheach seo.

 

Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú go láidir leis an bhfeachtas buíochais ar líne atá curtha ar siúl ag Pobal na Gaeltachta tríd na hOifigigh Pleanála Teanga atá ag feidhmiú go bríomhar sna pobail Ghaeltachta ó cheann ceann na tíre. Is í an Ghaeilge an comhartha féiniúlachta is láidre atá againn agus is abairt í 'Go raibh maith agaibh' atá le tuiscint go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Tá twibbon 'Go raibh maith agaibh' ar fáil ar na meáin shóisialta agus tugtar cuireadh don phobal ar fad, fud fad na tíre, leas a bhaint as an bhfráma 'Go raibh maith agaibh' ar a bpróifíl meán sóisialta le buíochas a ghlacadh i nGaeilge leis na hoibrithe ar fad ar an líne thosaigh le linn ghéarchéim COVID-19.

Tá muid ar fad an-bhuíoch do na daoine sin atá ag obair ar ár son agus tá moladh faoi le leith le fáil ag an dream ar an líne thosaigh, altraí, dochtúirí, cúramóirí, lucht siopaí, lucht seachadta, lucht postais agus sláintíochta agus chuile dhuine atá ag cur seirbhísí riachtanacha ar fáil do phobal na hÉireann le linn na géarchéime seo.

Tuigeann Údarás na Gaeltachta an brú ollmhór atá ar phobal na Gaeltachta agus na tíre faoi láthair agus na híobairtí pearsanta atá á ndéanamh ag daoine ar fud na tíre.  Tá spiorad pobail dochloíte feicthe - spiorad na meithle – idir coistí pobail, cumainn spórt, eagrais forbartha pobail agus comhlachtaí na Gaeltachta feicthe againn, daoine ag teacht le chéile chun cabhrú le dream leochaileacha ó thosaigh Géarchéim COVID-19.

Is maith atá ár mbuíochas agus buíochas phobal na tíre tuilte acu ar fad agus tá deis ann an buíochas sin a chur in iúl i dteanga ársa na nGael ag úsáid na meán cumarsáide is nua-aimseartha.

‘Go raibh maith agaibh’

Tags: Covid-19