Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta ag Ardoifig Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe.

31 Eanáir, 2020

nóiméad léite

Droichead Charraig an Logáin
Droichead Charraig an Logáin

Tionóladh an chéad chruinniú do 2020 do Bhord Údarás na Gaeltachta i gceanncheathrú na heagraíochta sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe ar maidin inniu 31/1/2020.

 

Tacaíocht do 61 post nua ceadaithe le hinfheistíocht de €3.35m i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí inniu ina mbeidh 61 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €3.35m ag baint leo nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. na Gaillimhe is mó a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua san earnáil feistis leighis le cruthú iontu.

 

€110,000 ceadaithe chun mol digiteach gteic a fhorbairt i gCorr na Móna

Ag leanacht do straitéis moil dhigiteacha Údarás na Gaeltachta, cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta soláthar caipitil de €110,000 ag a gcruinniú inniu (31/1/20) chun Ionad Nuálaíochta/ Mol Digiteach gteic a fhorbairt i gCorr na Móna i gConamara. Beidh an tIonad seo mar chuid den Ghréasán Digiteach Gaeltachta – gteic – atá dhá fhorbairt fud fad na Gaeltachta. Achar de 180 méadar cearnach a bheidh dhá athchóiriú agus dhá fheistiú ar ardchaighdeán le leathanbhanda ardluais a cheadóidh do phobal na Gaeltachta filleadh uirthi nó fanacht ina gceantar féin trí dheiseanna cianoibre ag deasca sealaíochta agus spásanna oibre comhionaid. Táthar ag súil gur 16 deasc a bheidh ar fáil i gteic@Corr na Móna idir deascanna i spásanna comhroinnte (10) agus in oifigí príobháideacha (6).

Tá sé mar chuid lárnach de straitéis an Údaráis go mbeadh gréasáin de mhoil dhigiteach forbartha trí na Gaeltachtaí éagsúla chun cabhrú le nithe mar cur chun cinn fiontraíochta agus nuálaíochta agus chun deiseanna cianoibre sna réigiúin seo a éascú. Tá ocht gcinn de mhoil gteic oscailte faoi láthair ar fud na Gaeltachta agus súil go mbeidh 15 moil oscailte go luath i 2020.