Ráiteas Deireadh Bliana 2019

20 Eanáir, 2020

nóiméad léite

Ráiteas 2019

Údarás na Gaeltachta: Athbhreithniú 2019

Ráiteas eisithe ag Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach, agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta

 

  • 593 post nua cruthaithe i 2019
  • An leibhéal is airde fostaíochta i gcliantchomhlachtaí le 11 bliain
  • Glanmhéadú de 219 post lánaimseartha i 2019 - dúbailt ó fhigiúr na bliana anuraidh nach mór
  • 7,844 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana
  • An líon fostaíochta is mó i nGaeltacht na Gaillimhe & i nGaeltacht Phort Láirge i stair an Údaráis
  • 480 post nua ceadaithe i dtograí ina mbeidh infheistíocht de €33m
  • Údarás chun cinn ar sprioc 1,500 post nua a cheadú idir 2018-2020
  • 16 Plean teanga ceadaithe le buiséad de €2.2m
  • Dúbailt ar an líon gteic, Gréasán Digiteach na Gaeltachta

 

“Tá muid thar a bheith sásta leis an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur i bhfeidhm straitéis Údarás na Gaeltachta le linn 2019"

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh

Fostaíocht

Cruthaíodh 593 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta i 2019, rud a d’fhág an leibhéal is airde fostaíochta sa Ghaeltacht ó bhí 2008 ann. Bhí an leibhéal is airde fostaíochta, ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta i 1980, i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Phort Láirge.

D’fhág glanmhéadú de 219 post lánaimseartha ar an mbliain roimhe sin go raibh 7,844 post lánaimseartha agus 523 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana. Tá ardú leanúnach bliantúil tagtha ar an mbonn fostaíochta sa Ghaeltacht le seacht mbliana anuas agus comhlachtaí Gaeltachta ag cur lena gcuid seasmhachta.

Tá an tÚdarás chun cinn ar an sprioc atá leagtha roimhe 1,500 post nua a cheadú le linn thréimhse feidhme Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018-2020, le 1,005 post nua cruthaithe agus dhá thrian den tréimhse caite.

“Tá forbairt mhór déanta le bliain anuas fosta ar an phleanáil teanga agus tionchar dearfach na hoibre sin le feiceáil anois ar fud na Gaeltachta"

Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair

Pleanáil Teanga

Rinneadh dul chun cinn mór sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht i 2019, le 11 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe agus pleananna teanga á gcur i bhfeidhm acu ina gceantair féin, chomh maith le beirt Oifigeach Cúnta. Faoi dheireadh 2019, bhí pleananna teanga ceadaithe do 16 Limistéar Pleanála Teanga, agus infheistíocht de €2.2 milliún ceadaithe d’fheidhmiú na bpleananna sin.

 

Tionchar Eacnamaíocht

Tá tionchar suntasach eacnamaíoch ag cliantchomhlachtaí an Údaráis ar gheilleagar na Gaeltachta agus na tíre. De réir thaighde ABSEI a rinneadh i 2019, meastar go ndearna cliantchomhlachtaí an Údaráis:

  • díolachán iomlán de €844m an bhliain roimhe sin
  • caiteachas díreach de €430m i ngeilleagar na hÉireann
  • €189 milliún san iomlán a chaitheamh ar phárolla
  • Easpórtáil a dhéanamh ar luach €499 milliún de dhíolachán

Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil luach maith á fháil ar infheistíocht an Stáit sa Ghaeltacht.

 

Páirc na Mara

Rinne Údarás na Gaeltachta dul chun cinn suntasach i dtaobh an phróisis phleanála do Pháirc na Mara i 2019. Foilsíodh Tuarascáil Scóipe maidir leis na Measúnaithe Tionchar Timpeallachta agus tá sé i gceist anois go mbeidh iarratas ar phleanáil déanta roimh dheireadh an chéad ráithe de 2020.

 

Athbhreithniú Straitéiseach ar Fhorbairt Pobail

Thug an tÚdarás faoi athbhreithniú straitéiseach ar chúrsaí forbartha pobail i 2019, chun bunchloch láidir a leagan faoi cheann de na gréasáin is tábhachtaí i sochaí na Gaeltachta, agus an gréasán is ceannródaíche go náisiúnta ó thaobh forbairt tuaithe de.

Tá eagrais forbartha pobail na Gaeltachta lárnach i bhforbairt na Gaeltachta agus i gcur i bhfeidhm straitéis Údarás na Gaeltachta, agus chuige sin, bhunaigh an tÚdarás Aonad Forbartha Pobail i 2019 atá dírithe ar chúnamh agus ar thacaíocht a chur ar fáil do na comharchumainn.

 

gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta

Tháinig dúbailt i 2019 ar an líon ionad gteic a bhí oscailte faoi dheireadh na bliana. Tá ocht mol digiteach ag feidhmiú anois i gcúig chontae Gaeltachta, agus 193 duine ag obair iontu.

 

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh:

“Tá muid thar a bheith sásta leis an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur i bhfeidhm straitéis Údarás na Gaeltachta le linn 2019. Ta fáilte ar leith againn roimh an méadú suntasach atá tagtha ar an leibhéal fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta agus an dul chun cinn atá déanta leis an bpróiseas Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta.

“Tá muid thar a bheith buíoch do na comhlachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht, do na pobail sna ceantair Ghaeltachta éagsúla agus do na heagrais Stáit atá ag obair i gcomhpháirtíocht linn as ucht a gcuid tacaíochta. Tá mé féin, mar Phríomhfheidhmeannach, thar a bheith buíoch d’fhoireann agus do bhord Údarás na Gaeltachta as ucht a ndúthracht agus a gcuid tacaíochta agus cuspóirí na heagraíochta á gcur i gcrích.”

 

Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair:

“Tá an líon is mó daoine fostaithe i gcliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta le haon bhliain déag, agus tá an síol á chur chun tógáil air sin le gréasán mhoil dhigiteacha gteic, a chuireann an t-infreastruchtúr ar fáil don chéad ghlúin eile lena gcuid smaointe féin a fhorbairt mar ghnóanna. Tá ocht gteic anois ar an fhód, ardú 50% ar an mhéid a bhí ar bun i 2018, agus tuilleadh ar an bhealach go luath i 2020.

“Tá forbairt mhór déanta le bliain anuas fosta ar an phleanáil teanga agus tionchar dearfach na hoibre sin le feiceáil anois ar fud na Gaeltachta. Chuir pobail na Gaeltachta obair mhór isteach in ullmhú pleananna dá gcuid ceantar féin agus tá toradh le feiceáil ar an obair sin anois, le grúpa fuinniúil, díograiseach d’Oifigigh Pleanála Teanga á bhfostú chun na pleananna sin a chur i gcrích.”