Gréasán mol digiteach nuálaíoch chun borradh a chur faoi cheantair Ghaeltachta

22 Meán Fómhair, 2019

nóiméad léite

gteic@Gaoth Dobhair
Official opening of Údarás na Gaeltachta’s gteic @Gaoth Dobhair, a state-of-the-art innovation and digital hub, Government Chief Whip and the Minister of State with responsibility for the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands, Joe McHugh, TD., gteic is a network of innovation & digital hubs in locations throughout Ireland’s Gaeltacht areas. Photo Clive Wasson

Cuirfidh na 31 mol nuálaíochta & digiteach gteic breis agus 500 spás deisce ar fáil do lucht nuálaíochta, fiontraithe, cianoibrithe agus gnóthaí ar fud na 7 gcontae Gaeltachta.

 

Buaicphointí líonra gteic

  • Pobal gigighiotáin bhríomhar nua do ghnóthaí, lucht nuálaíochta, fiontraithe agus cianoibrithe.
  • 7 mol i bhfeidhm faoi láthair in 5 chontae
  • 15 mol ag feidhmiú roimh dheireadh 2019
  • 250+ spás deisce forbartha go dáta
  • 500+ spás deisce i 2020
  • Infheistíocht de bhreis agus €5 milliún déanta

 

 

Líonra de 31 mol nuálaíochta & digiteach le ceangal ardluais leathanbhanda é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta arna fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantracha ar fud na Gaeltachta. Is é Príomhaoire an Rialtais, an tAire Stáit don Ghaeilge, Gaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, T.D., a sheolfaidh an líonra nua gigighiotán-chumasaithe Gaeltachta sa Seomra Iodálach i dTithe an Rialtais, Dé Céadaoin 25/09/19.

 

Tá na moil nuálaíochta le bheith ar fud Shlí mhaorga an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí agus Corcaigh, chomh maith le Port Láirge agus An Mhí i Sean-Oirthear na hÉireann. Tá sé cinn d’oileáin Ghaeltachta mar chuid den éiceachóras digiteach méadaithe seo chun tacú le hinbhuanaitheacht na bpobal agus na n-oileán seo amach ón gcósta.

 

Tá breis agus €1.5 milliún infheistithe ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt na mol seo, chomh maith le maoiniú breise os cionn €3.5 milliún ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe faoi dheireadh na bliana.

 

Tá saincheapadh déanta ar gach mol gteic lena gcur in oiriúint do gach láthair ar leith, agus beidh deasca sealaíochta agus spás oibre chomhionaid do chianoibrithe agus do ríomhoibrithe ann, chomh maith le spásanna oifige agus aonaid ghorlainne lán-fheistithe le ceangal ardluais idirlín chun an nuálaíocht agus forbairt coincheapanna a éascú.

 

Tá seacht mol oscailte go dtí seo:

Gaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall,

Béal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo,

Carna, An Cheathrú Rua agus Na Forbacha i gContae na Gaillimhe,

Béal Átha an Ghaorthaidh i gContae Chorcaí agus

Daingean Uí Chúis (Mol Teic/Dingle Hub) i gContae Chiarraí.

 

Osclófar mol nuadheartha ar An Spidéal sna seachtainí beaga romhainn agus tá seacht gcinn eile de mhoil gteic ar a mboinn le bheith críochnaithe agus le fáilte a chur roimh chustaiméirí i mBaile an Sceilg (Ciarraí Theas), Cill Charthaigh (Dún na nGall), Oileán Chléire (Corcaigh), Acaill, An Eachléim, Gaoth Sáile agus an Corrán Buí (Maigh Eo) faoi dheireadh 2019.

Tá liosta cuimsitheach de láithreacha na mol beartaithe ar fáil thíos.

 

 

An Fhís

Tá forbairt gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta, líonra de mhoil nuálaíochta agus dhigiteacha ar cheann de na 5 thionscnamh straitéiseacha atá mar chuid de Phlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018–2020.

 

Cuirfidh na moil dhigiteacha gteic líonra bríomhar d’áiseanna leathanbhanda ardluais ar fáil i gceantair tuaithe Ghaeltachta chun cruthú post a chothú, cabhrú le cianobair, filleadh Dhiaspóra na Gaeltachta a spreagadh agus a chumasú, forbairt coincheapanna agus gnó nua a éascú, agus chun pobal de mhoil a fhorbairt, áit ina gcothaíonn cultúr uathúil na Gaeltachta an chruthaitheacht agus an nuálaíocht.

 

An Deis

Leis na forbairtí seo, tabharfar deis do phobal na Gaeltachta, sa bhaile agus i gcéin, filleadh ar a gceantar dúchais nó cónaí ann trí dheiseanna cianoibre a chur ar fáil ag deasca sealaíochta, spásanna roinnte oibre agus oifigí príobháideacha ag na moil seo. Dá réir sin, tabharfar tacaíocht, misneach agus cabhair do na pobail uathúla teanga seo, agus cabhrófar leo aghaidh a thabhairt ar dhúsláin bhánú na tuaithe.

 

Tá buntáistí eile ag baint le ballraíocht gteic seachas an deis cothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú! Mar gheall ar shocrú cómhalartach le hIonad Fiontraíochta Guinness (GEC) i mBaile Átha Cliath, féadfaidh baill den GEC leas a bhaint as áiseanna gteic áit ar bith ar fud an líonra agus féadfaidh baill de phobal digiteach gteic leas a bhaint as na háiseanna in GEC i mBaile Átha Cliath saor ó tháille.

 

An Tairiscint

Sna moil gteic seo, beidh deasca sealaíochta agus áiseanna roinnte spáis do chianoibrithe agus do ríomhoibrithe, agus ag brath ar an láthair, spásanna oifige agus aonaid ghorlainne lán-fheistithe le ceangal ardluais idirlín chun an nuálaíocht forbairt coincheapanna a éascú. Éascóidh na moil seo daoine ar mian leo coincheap gnó a fhorbairt agus tabharfaidh rochtain dóibh ar an réimse tacaíochta meántóireachta agus gnó atá ag Údarás na Gaeltachta chomh maith.

 

Is deis iontach é an t-éiceachóras méadaithe digiteach seo do chomhlachtaí nua teicneolaíochta iad féin a bhunú nó a lonnú sna ceantair tuaithe ina bhfuil an Ghaeltacht, agus deis dá bhfostaithe leas a bhaint as an gcothromaíocht iontach oibre is saoil atá ar fáil sna ceantair áille seo.

 

 

Breis Eolais:

Páid Ó Neachtain,

Feidhmeannach Caidrimh Phoiblí,

Údarás na Gaeltachta

091 503111 / 087 3012510 / pon@udaras.ie

 

 

 

GRIANGHRAFADÓIREACHT

Beidh grianghraif ón seoladh ar fáil mar seo a leanas:

James Forde, 1Image Photography

Studio: 01 493 9947
Ríomhphost: hello@1image.ie

 

 

 

Breis Eolais/Nótaí don Eagarthóir

Na hÁiseanna agus na Seirbhísí

Beidh moil den uile mhéid sa líonra gteic, ag brath ar an láthair. I measc na n-áiseanna agus seirbhísí a bheidh ar fáil ag na príomh-mhoil agus na moil mhóra ná an tsolúbthacht dul in oiriúint do riachtanais na gcineálacha éagsúla custaiméirí, chomh maith leis an méid seo a leanas. Beidh cuid de na moil bheaga atá le forbairt ag díriú ar shealaíocht deasca agus spásanna roinnte oibre go príomha.

 

Áiseanna ar fáil ag moil gteic

Deasca sealaíochta Seomhra comhdhála
Spásanna roinnte oibre Fíchomhdhálacha
Aonaid ghorlainne Spásanna cruinnithe/oiliúna
Oifigí príobháideacha Spásanna páirceála leordhóthanacha
Leathanbhanda gigighiotán-chumasaithe Fiontarlann bheoga
WiFi ardluais Áiseanna roinnte sóláistí & áiseanna ar leithligh

 

An Costas

Beidh costais éagsúla ar dheascanna sealaíochta, spásanna oibre comhionaid agus oifigí príobháideacha a thógáil ar cíos ar fud na mol gteic, ag brath ar na háiseanna atá ar fáil, an láthair gheoghrafach, an phróifíl agus déimeagrafaic an cheantair.

 

De réir na n-áiseanna sonracha sna moil, beidh trí phríomhthairiscint ar fáil, agus beidh pacáistí agus margaí sonracha eile ar fáil sna moil féin ar bhonn leanúnach, ag brath ar chineál an iarratais agus an tionacht bheartaithe – Spásanna Deasca Sealaíochta, Spásanna Roinnte Oibre agus Spásanna Oifigí Príobháideacha.

 

An Todhchaí

I measc na láithreacha beartaithe gteic, beidh:

 

Dún na nGall: Ciarraí:
Gaoth Dobhair (Oscailte) Mol Teic, An Daingean (Oscailte)
Árainn Mhór Daingean Uí Chúis
Toraigh Baile an Sceilg (le hoscailt in 2019)
An Tearmann
Cill Chárthaigh Maigh Eo
An Clochán Liath Béal an Mhuirthead (Oscailte)
Carraig Airt Acaill (le hoscailt in 2019)
Tuar Mhic Éadaigh
Gaillimh: An Corrán Buí (le hoscailt in 2019)
An Cheathrú Rua (Oscailte) Gaoth Sáile (le hoscailt in 2019)
Carna (Oscailte) An Eachléim (le hoscailt in 2019)
An Spidéal
Na Forbacha (Oscailte) Corcaigh:
Ceantar na nOileán Béal Átha an Ghaorthaidh (Oscailte)
Corr na Móna Baile Bhúirne
Maigh Cuilinn Oileán Chléire (le hoscailt in 2019)
Inis Mór (le hoscailt in 2020) Port Láirge:
Inis Meáin An Rinn/An Seanphobal
Inis Oírr An Mhí:
Ráth Chairn

 

 

Tá eolas faoi gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta ar fáil ar

www.gteic.ie

Uaslódálfar leathanaigh aonair do na moil éagsúla de réir mar a thagann na moil i bhfeidhm.

Tags: gteic