Lóchrann le bronnadh ar Chorcaíoch ar a thriail ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne

30 Bealtaine, 2019

nóiméad léite

An Gaeltacht GAA Pitch at Gallaras. Photograph by Mossy Donegan
An Gaeltacht GAA Pitch at Gallaras. Photograph by Mossy Donegan

Is ar laoch Bhaile Bhuirne, Seán Ó Cróinín, a bhronnfar Gradam Ardmheasa ‘Lóchrann’ Údarás na Gaeltachta, ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 i gCorca Dhuibhne.
Tá Seán Ó Cróinín i gceartlár Chomórtais Peile na Gaeltachta le 50 bliain ar leibhéil náisiúnta agus áitiúil – mar imreoir, mar roghnóir, mar eagraí agus mar oifigeach.
Buan ghradam atá i Lóchrann a bhronntar go bliantúil ar aíonna mar aitheantais dá bhfuil bainte amach acu ó thaobh cúrsaí spóirt a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Is é an t-ealaíontóir iomráiteach as Conamara, Pádraic Reaney a dhear agus a rinne an gradam. Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta a roghnaíonn an t-aoi ar a mbronnfar an gradam bliantúil seo atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Tá Seán Ó Cróinín ar dhuine den bheagán a d’imir do chlubanna éagsúla sa gcomórtas – óna thaobh siúd i dhá chúige faoi leith – do Thuar Mhic Éadaigh sa gcéad chomórtas riamh i 1969 agus arís i 1971. Go deimhin d’imir sé in aghaidh foireann a cheantair dhúchais do chumann Mhaigh Eo an dara bliain acu sin nuair a chas Naomh Abán, Baile Bhuirne agus Tuar Mhic Éadaigh agus an comórtas náisiúnta i mBaile Bhúirne don chéad uair riamh. D’fhill sé ar an mbaile dhá bhliain dar gcionn. Ba thráthúil an t-am ar fhill sé freisin mar bhuaigh sé bonn shóisearach Chorcaigh le Naomh Abán i 1973.

Níl aon phost oifigigh sa gcumann sin nach raibh aige agus é chun cinn nuair a d’eagraigh siad an Comórtas Peile i mBaile Bhúirne i 1979, 1996, 2003 agus 2016.

Níl aon phost oifigigh sa gcumann sin nach raibh aige agus é chun cinn nuair a d’eagraigh siad an Comórtas Peile i mBaile Bhúirne i 1979, 1996, 2003 agus 2016. Rinne sé mórchuid oibre sa bhforbairt a rinne an cumann agus feabhas á gcur ar áiseanna agus ar pháirceanna imeartha an chumainn – ar dtús ar an bPortach Rua agus ina dhiaidh sin ar Pháirc Íosagáin.

Tá os cionn dhá scór bliain caite ag an gCróiníneach mar bhall de Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta agus ba é a bhí ina Chathaoirleach ar an eagraíocht nuair a himríodh na babhtaí ceannais ar Pháirc Mhachaire Gathláin i nGaoth Dobhair agus ar Pháirc Uí Shíocháin sa Rinn i 1983 & ‘84. Tá sé le rá ag Seán agus ag a chomharsa Seán Ó Liatháin go ndearnadar beirt freastal ar bhabhtaí náisiúnta Chomórtais Peile na Gaeltachta chuile bhliain ó 1969 i leith.

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Cúis áthais agus bróid dúinn a bheith ag déanamh urraíochta ar an ngradam seo agus a bheith á bhronnadh ar cheann de laochra CLG Bhaile Bhuirne Seán Ó Cróinín. Tá lúcháir ar Údarás na Gaeltachta arís i mbliana leanacht leis an urraíocht atá á dhéanamh againn ar Chomórtas Peile na Gaeltachta agus an comórtas ag Ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód.”

Bronnfar an Gradam ‘Lóchrann’ Údarás na Gaeltachta ar Sheán Ó Cróinín ag Fáiltiú Oifigiúil an Chomórtais, Dé Luain in Ostán Cheann Sibéal i gCorca Dhuibhne.

Lóchrann award