Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh ardú i mbuiséad caipitil na heagraíochta do 2019

20 Nollaig, 2018

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra atá déanta ag an bPríomh Aoire agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do an hOileáin, Seán Kyne, T.D. go bhfuil ardú €500,000 curtha ar bhunlíne buiséid caipitil na heagraíochta go €9m. Chomh maith leis sin cuirtear fáilte roimh an allúntas breise caipitil de €700,000 a bheidh curtha ar fáil do 2019 a chiallaíonn go mbeidh soláthar caipitil de €9.7 milliún ar fáil don Údarás in 2019 le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Cuireann an soláthar breise maoinithe seo ar chumas an Údaráis an clár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta atá aige a mhéadú. Tacóidh sé linn píblíne maidir le fiosrúcháin gnó a láidriú agus tacóidh an t-ardú sa soláthar caipitil seo leis na tograí sin a thabhairt chun aibíochta. Tá muid fíor bhuíoch den Aire Stáit Seán Kyne, T.D. as an méid atá déanta aige le soláthar breise a aimsiú don Údarás chun an bunlíne maoinithe a mhéadú.”

Tags: Maoiniú