Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú €2.8M do thograí Gaeltachta

23 Samhain, 2018

nóiméad léite

Áras Éanna

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra atá déanta ag an Taoiseach Leo Varadkar T.D. agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring T.D. inniu (23/11/2018) go mbeidh maoiniú caipitil de €2.8m á chur ar fáil do thograí de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe.

Ceadaíodh an maoiniú go príomha do thograí a bheidh mar chuid de gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta. Is gréasán de mhoil nuálaíochta & digiteach é gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta atá á bhunú i gceantair ar fud Ghaeltacht na hÉireann. Beidh na moil nuálaíochta seo fud fad Shlí mhaorga an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí agus Corcaigh agus beidh Port Láirge agus An Mhí in Oirthear Ársa na hÉireann san áireamh freisin. Beidh tionchar nach beag ag na forbairtí seo ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe na Gaeltachta.

Tá an maoiniú ceadaithe ag leibhéal tacaíochta 75% faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe do thrí thogra rathúil de chuid Údarás na Gaeltachta mar seo leanas.

  • €1.5m ceadaithe chun an t-urlár bairr neamhfhorbartha de gteic @Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus 1,725 sq.m de spás oibre/oifigí nua a chur ar fáil;
  • €548k chun Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach gteic @An Spidéal a fhorbairt i gConamara;
  • €795k chun 8 nIonad Nuálaíochta/Moil Dhigiteacha/Láthair Barrfeabhais a fhorbairt i nGaeltacht Mhaigh Eo ag áireamh Béal an Mhuirthead, An Eachléim, Gaoth Sáile, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh.

Deir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Cuireann muid fáilte chroíúil roimh an maoiniú caipitil seo ón Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail do chur i gcrích na tograí tábhachtacha tuaithe seo. Cuirfidh na tograí seo go mór leis na deiseanna a bheidh ar fáil ag na pobail tuaithe sna ceantair seo a dhul i mbun oibre ina gceantar féin nó do Diaspóra na Gaeltachta filleadh ar a gceantar féin. Beidh tionchar mhór ag an maoiniú atá ceadaithe ar shaol na bpobail seo agus tá sé lárnach dár straitéis deiseanna cianoibrithe a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus tá ag éirí go maith leis an éiceachóras digiteach gteic atá á bhunú le daoine a mhealladh ar ais chuig na Gaeltachta.

Cuirfidh an soláthar seo ar ár gcumas gnéithe thábhachtacha dár bPlean Straitéiseach 2018 – 2020 agus do Phlean Gníomhaíochta 5 Bhliana don Ghaeilge, ina bhfuil spriocanna dúshlánacha agus uaillmhianacha leagtha amach do chur chun cinn na Gaeltachta, a chur i bhfeidhm agus fostaíocht bhreise a chruthú sna ceantair tuaithe seo.”