Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta in Áras Inis Ghluaire, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.

6 Iúil, 2018

nóiméad léite

Tograí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta a tionóladh i mBéal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo inniu (06/07/18) cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 34 post nua lán aimseartha á gcruthú iontu agus ina mbeidh infheistíocht iomlán d’os cionn €1.1m sa nGaeltacht i gceist leo as seo go ceann roinnt blianta, idir infheistíocht na gcomhlachtaí féin agus tacaíocht an Údaráis, nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Dhún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Corcaigh a bhain na tograí a ceadaíodh ag an gcruinniú.

Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach gteic le forbairt sna Forbacha
Ag leanacht do straitéis moil dhigiteacha Údarás na Gaeltachta, cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta soláthar caipitil de €200,000 ag a gcruinniú inniu (6/7/18) chun Ionad Nuálaíochta/ Mol Digiteach gteic a fhorbairt sna Forbacha i gConamara. Beidh an tIonad seo, lonnaithe ar Pháirc Ghnó na bhForbacha taobh thiar de cheann cheathrú an Údaráis, mar chuid den Ghréasán Digiteach Gaeltachta – gteic – atá dhá fhorbairt fud fad na Gaeltachta. Achar de 430 méadar cearnach a bheidh dhá athchóiriú agus dhá fheistiú ar ardchaighdeán le leathanbhanda ardluais a cheadóidh do phobal na Gaeltachta filleadh uirthi nó fanacht ina gceantar féin trí dheiseanna cianoibre ag deasca sealaíochta agus spásanna oibre comhionaid.

Buiséad Caipitil Údarás na Gaeltachta
Rinne Bord Údarás na Gaeltachta plé mheáite ar chúrsaí buiséid caipitil na heagraíochta ag a gcruinniú i mBéal an Mhuirthead inniu (Dé hAoine 6/7/18). Tugadh le fios don bhord go raibh réimse leathan tograí agus oibreacha caipitil de luach €22m aitheanta a bheadh réidh le cur chun cinn i 2018/2019 agus a cheadódh don Údarás tacú le fostaíocht shuntasach a chruthú fud fad na Gaeltachta.
Sa chomhthéacs seo chuir bord Údarás na Gaeltachta fáilte arís roimh an ardú ar an mbuiséad caipitil a gealladh níos luaithe i mbliana agus chuir in iúl a mian go soiléir go ndéanfaidh an tardú go €12m sa bhliain a fógraíodh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta a chur ar fáil ó 2019 ar aghaidh chun nach gcuirfí moill ar thograí nó ar infheistíocht a chruthóidh postanna sna ceantair Ghaeltachta.

Tacaíochtaí Pobail ceadaithe faoi Scéim Fiontair Pobail Údarás na Gaeltachta
Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta tacaíocht do réimse tograí pobail éagsúla de luach €25,976 in iomláine faoin Scéim Fiontair Pobail ag a cruinniú boird i mBéal an Mhuirthead inniu.