Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2020

29 Meitheamh, 2018

nóiméad léite

Carn de chóipeanna den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 arna fhoilsiú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Chur Údarás na Gaeltachta fáilte inniu roimh Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. inniu in Amharclann Ghaoth Dobhair.

Leagtar amach sa phlean breis agus 180 beart faoi leith a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le tuairim is 60 páirtí leasmhara ar bhonn tras-Rannach agus tras-eagraíocht chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht idir seo agus 2022. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta sna beartais a bhaineann go sonrach le ceantair Ghaeltachta agus leis an bpróiseas pleanála teanga ach go háirithe.

Díríonn an Plean ar na naoi réimse gnímh atá leagtha amach sa straitéis: Oideachas; An Ghaeltacht; An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath; Riarachán, Seirbhísí agus Pobal; Na Meáin agus an Teicneolaíocht; Foclóirí; Reachtaíocht agus Stádas; Saol Eacnamaíochta; agus Tionscnaimh Leathana.

Luaite i measc phríomhbhearta an phlean gníomhaíochta tabharfaidh Údarás na Gaeltachta go fonnmhar faoin dúshlán a chinntiú go mbeidh gach ceann de na 26 limistéar Pleanála Teanga i mbun feidhmiú pleananna faoi dheireadh 2020. Tá ról lárnach an Údaráis i bhforbairt sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch na Gaeltachta aitheanta sa bplean gníomhaíochta agus leagtar amach mar phríomh bheart go leanfar de bheith ag cur ar chumas Údarás na Gaeltachta a chúram a chomhlíonadh i dtaca le coinneáil agus cruthú poist i gceantair Ghaeltachta trí bhuiséad caipitil, arna mhéadú de réir a chéile, a chur ar fáil don eagraíocht le súil is go n-éascóidh an méid sin cruthú agus coinneáil 8,500 post lánaimseartha i gcuideachtaí Gaeltachta faoi 2022.

Ag labhairt dó ag an ócáid seolta i nGaoth Dobhair deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh go bhfáiltíonn an tÚdarás roimh an gcur chuige comhpháirtíochta i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta. “Tacaíonn muid leis an gcur chuige comhoibríoch agus tras-rannach atá leagtha síos mar thús de ré nua do Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ina mbeidh gníomhaíochtaí straitéiseacha á bhfeidhmiú as lámh a chéile agus monatóireacht rialta á dhéanamh orthu. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag pobail na Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga agus táimid ag tnúth le tacú leis na pobail seo sa réimse is tábhachtaí den phróiseas i bhfeidhmiú na bpleananna atá réitithe acu. Leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh ag obair go dian agus ag tógáil ar an gcomhpháirtíocht atá ar siúl cheana féin chun na spriocanna agus gnímh atá aitheanta a chur i gcrích ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch, sóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.”