Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta ag Oireachtas na Gaeilge 2017 in Óstán Ghleann an Iolair, Cill Airne, Co. Chiarraí.

3 Samhain, 2017

nóiméad léite

Tionóladh Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltacht ag an 120ú Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne mar chuid den fhéile ar an Aoine 03/11/17 mar a dhéantar go bliantúil. Ba é seo an cruinniú deiridh atá leagtha amach don Bhord reatha agus a dtréimhse ag teacht chun críche ar an 19 Samhain 2017.

Tograí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i gCill Airne inniu cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 40 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €4.4M ag baint leo nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Dhún na nGall agus Chorcaí is mó a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu.

Tuairisc Mhuintearais
Cuireadh sonraí a bhain le tuairisc athbhreithnithe ar chórais na heagraíochta Muintearas Teoranta i láthair bhaill Bhoird Údarás na Gaeltachta. Tugadh le fios gur athbhreithniú gnáthchleachtais tréimhsiúil a bhí i gceist a phléann le gnáthchúrsaí riaracháin agus airgeadais na heagraíochta agus í ag breathnú chun cinn don todhchaí. Ghlac an Bord leis an tuairisc agus chinn go dtabharfaí feidhmiú moltaí na tuairisce ar láimh d’Ardbhainistíocht Údarás na Gaeltachta agus go ndéanfaí tuairisciú ar dhul chun cinn maidir le feidhmiú na moltaí i mí Eanáir 2018.

Post Stiúrthóra Fiontraíochta & Fostaíochta le fógairt
Tugadh le fios don Bhord inniu go raibh an chéad chéim den phróiseas a bhaineann leis an bhfolúntas do Stiúrthóir Fiontair agus Fostaíochta comhlíonta anois agus go bhfuiltear ag súil go bhfógrófar an post go poiblí go luath.

Téarmaí tagartha Grúpa Gnímh Fiontraíochta LPT Ráth Chairn/Baile Ghib ceadaithe
Aontaíodh téarmaí tagartha do Ghrúpa Gnímh Fiontraíochta Ráth Chairn/Baile Ghib ag Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta inniu.
Is í aidhm an ghrúpa gnímh fiontraíochta ná LPT Ráth Chairn/Baile Ghib, ceantar Gaeltachta atá gar do Bhaile Átha Cliath, a bhunú mar cheantar iomaíoch den scoth do chruthú fostaíochta.
Beifear ag súil go ndéanfar:

Taighde a dhéanamh ar na hacmhainní/féidearthachtaí/deiseanna atá sa cheantar faoi láthair trí plé a dhéanamh le fiontraithe áitiúla, coistí pobail, eagraíochtaí teangabhunaithe agus daoine ábhartha eile.
Measúnú a dhéanamh ar thorthaí an taighde agus moltaí a chur chun cinn ar na bealaí is feiliúnaí le poist nua a chruthú sa gceantar Gaeltachta seo.
Réimse gníomhaíochtaí tosaíochta a chur le chéile trí straitéis 3 bliain do cheantar LPT Ráth Chairn/Baile Ghib mar aon le buiséad sonrach chun an straitéis seo a chur i bhfeidhm.

Féachfar anois le tús a chur leis an ngrúpa gnímh a bhunú agus moladh go bhféachfaí go mbeadh ionadaíocht ar an ngrúpa ó Údarás na Gaeltachta, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An tÚdarás Forbartha Tionscail, Fiontraíocht Éireann, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Comhairle Contae na Mí, Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí/ Fóraim Réigiúnacha Scileanna agus Ollscoil Mhá Nuad.
Táthar ag súil gur féidir tús a chur le hobair an ghrúpa seo roimh dheireadh mhí na Samhna.

Misean Trádála Golden Bridges i mBoston
Beidh Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta chomh maith le roinnt cliantchomhlachtaí ó Ghaeltacht Dhún na nGall, Randox agus Algaran ina measc, ag tabhairt faoi mhisean trádála i Stáit Aontaithe Mheiriceá arís i mbliana a mbeidh an Seimineár Golden Bridges mar chlabhsúr air. Táthar ag tabhairt faoin mhisean trádála i gcomhair le Comhairle Chontae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus páirtithe eile chun ceantar an iarthuaiscirt a chur chun cinn. Tá sé tábhachtach ó thaobh na Breatimeachta de go mbeadh an tÚdarás ag obair as láimh a chéile leis na hÚdaráis Áitiúla agus an iar-thuaisceart ag obair le chéile mar aonad amháin. Tá Údarás na Gaeltachta agus an Ghaeltacht féin lárnach sa bhfeachtas seo agus ar fhianaise mhisean na bliana anuraidh tá tairbhe ann do chliantchomhlachtaí maidir le haimsiú margaí nua.

Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach le forbairt i gCarna
Ag leanúint do straitéis moil dhigiteacha Údarás na Gaeltachta a fógraíodh i mí Márta na bliana seo, cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta soláthar caipitil ag a gcruinniú inniu (03/11/17) chun Aonad Fiontraíochta agus Gorlann Gnó a fhorbairt san Ionad Fiontraíochta ag Eastáit Tionsclaíochta Údarás na Gaeltachta i gCarna. Tá an tIonad seo ar cheann de 15 Mol Digiteach atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta ar fhad Shlí an Atlantaigh Fhiáin chomh maith leis An Rinn agus Ráth Chairn. Tá sé mar chuid lárnach de straitéis an Údaráis go mbeadh gréasáin de mhoil dhigiteach forbartha trí na Gaeltachtaí éagsúla chun cabhrú le nithe mar cur chun cinn fiontraíochta agus nuálaíochta agus chun deiseanna cian oibre sna réigiúin seo a éascú. Beidh an tÚdarás ag dul i gcomhpháirtíocht le dreamanna ábhartha chun an gréasán seo a chur a bhunú. Lena chois sin tá obair ar siúl faoi láthair chun na féidearthachtaí a bhaineann le gréasán mol digiteacha a fhorbairt ar na hoileáin Ghaeltachta agus Ghalltachta amach ón gcósta.
Tá soláthar caipitil ceadaithe inniu chun obair athchóirithe agus gaolmhara a dhéanamh chun 100 méadar cearnach don ionad fiontraíochta a chóiriú mar Mhol Digiteach.

Nóta Comhghairdeas
Rinne an Bord a gcomhghairdeas a chur in iúl do Evelyn O’Toole, úinéir CLS Teo., cliantchomhlacht de chuid an Údaráis, as an ngradam Fiontraí na Bliana EY 2017 a bheith tugtha lei aici sa gCatagóir Tionscail.