An chéad trí phlean teanga le bheith ceadaithe ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD

21 Meán Fómhair, 2017

nóiméad léite

Beidh fógra á dhéanamh ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., ag ócáid in amharclann Ghaoth Dobhair tráthnóna anocht (Déardaoin 21 Meán Fómhair 2017) go bhfuil na chéad phleananna teanga do thrí Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe aige faoin phróiseas pleanála teanga.
Déanfar an fógra i láthair agus i gcuideachta Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Aodán MacCormaic, Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. Is iad na Limistéir Pleanála Teanga a mbeidh na pleananna dhá gceadú dóibh ná:

– LPT Chois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe
– LPT Ghaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir i nGaeltacht Thír Chonaill
– LPT Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an gcéim shuntasach eile seo atá dhá tógáil sa bpróiseas pleanála teanga, próiseas ar cuireadh tús leis i 2014, le ceadú na chéad trí phlean teanga seo. Tá ard mholadh tuilte ag na Ceanneagraíochtaí, na Coistí Stiúrtha Pleanála Teanga agus a bpobail as a ndúthracht agus a niarrachtaí san obair dhúshlánach a bhain le réiteach na bpleananna teanga agus beidh an tÚdarás ag obair leis na Ceanneagraíochtaí agus na Coistí Stiúrtha Pleanála Teanga i dtreo feidhmiú na bpleananna teanga sin.

Déanfaidh Údarás na Gaeltachta an tAire Stáit agus Príomhfheidhmeannach an Údaráis bronnadh speisialta cuimhneacháin chomh maith ar bheirt bhan céile na nGníomhaí Teanga a bhí ar na Coistí Stiúrtha Pleanála Teanga agus a fuair bás le linn ullmhú na bpleananna: Séamas Mac Géidigh, LPT Chloich Cheann Fhaola agus Seán Ó Dónaill, LPT Ghaoth Dobhair.

Is í Áine Ní Churráin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ina bean an tí ar an ócáid agus beidh an ócáid fhógartha le feiceáil beo má dhéantar ceangal le cuntas Facebook Údarás na Gaeltachta ón 7.30i.n. ar aghaidh tráthnóna inniu ag www.facebook.com/antudaras.