Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta in Oifigí Nemeton Teoranta i nGaeltacht na nDéise i bPort Láirge ar an 14 Iúil 2017

17 Iúil, 2017

nóiméad léite

Comhlacht Forbartha na nDéise
Chuir toscaireacht ó Chomhlacht Forbartha na nDéise fáilte roimh chruinniú boird Údarás na Gaeltachta chuig Gaeltacht na nDéise inniu agus rinne siad cur i láthair cuimsitheach ar an obair mhór atá idir lámha acu faoi láthair, agus na pleananna forbartha pobail atá acu do Ghaeltacht na nDéise amach anseo.

Nóta Comhghairdis
Rinneadh comhghairdeas leis na comhaltaí boird Siobhán Seoige, as a ceapachán mar Chathaoirleach ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Máire Seó Breathnach atá athcheaptha ar an gcomhairle ar feadh tréimhse trí bliana.

An Comhlacht Léiriúcháin Nemeton ag dul ó neart go neart
Tugadh léargas do Bhord Údarás na Gaeltachta inniu ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an sár-chomhlacht léiriúcháin teilifíse Nemeton Teo. sa Rinn i bPort Láirge. Ar ócáid cruinnithe de Bhord Údarás na Gaeltachta in Oifigí Nemeton, bhí gach a raibh i láthair faoi dhraíocht nuair a d’inis Maidhcí Ó Súilleabháin agus Niamh Nic Giolla Chuda de chuid Nemeton faoi na héachtaí agus na gradaim atá bainte amach ag an gcomhlacht ó bunaíodh é le tacaíocht Údarás na Gaeltachta i 1993. Léiríodh an fhís cheannródaíoch atá taispeánta ag an gcomhlacht agus fo-oifig oscailte acu i nGlaschú na hAlban le tabhairt faoi chonradh spóirt le BBC Alba. Thréaslaigh an Cathaoirleach, an Príomhfheidhmeannach agus na comhaltaí a n-éachtaí leis an gcomhlacht, a bhfoireann díograiseach agus a bpríomhfheidhmeannach ceannródaíoch Irial Mac Murchú.

Tograí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta in oifigí a gcliantchomhlachta Nemeton Teo. sa Rinn i gCo. Phort Láirge inniu (14/07/17) cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 138 post nua á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €4.8M ag baint leo nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Dhún na nGall agus i gCo. na Gaillimhe a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu. Cheadaigh an Bord caiteachais caipitil éagsúla de luach os cionn €2.1m in iomláine chomh maith. Tacóidh an caiteachas seo le maoin de chuid an Údaráis a chur in oiriúint d’fhorbairtí agus gnóthaí nua agus chun cead a thabhairt do ghnóthaí reatha an fhostaíocht atá acu a bhuanú agus a leathnú.

Tuismitheoirí na Gaeltachta
Thug Bord Údarás na Gaeltachta a mbeannacht inniu d’athnuachan socraithe léasa agus cíosa ar feadh tréimhse dhá bhliain do Thuismitheoirí na Gaeltachta a chinnteoidh go mbeidh ar chumas na heagraíochta leanúint le tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh Gaeltachta chun tearmann teanga a chur ar fáil d’aos óg Ghaeltacht Chonamara óna nIonad ar an gCeathrú Rua.
Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta i gConamara sa mbliain 2011 agus bunaíodh an dara craobh den eagraíocht i nDún na nGall in 2014. Tá os cionn 500 teaghlach cláraithe leis an eagraíocht a fhaigheann maoiniú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Seirbhísí Eolais LEADER le leanúint i nGob an Choire, Acaill
An cruinniú sna Déise inniu thug Bord Údarás na Gaeltachta ceadanna a chinnteoidh go mbeidh soláthar an chláir LEADER do phobal Ghaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo ó Ionad Seirbhísí Ghob an Choire, Acaill ar fáil ar feadh tréimhse 5 bliain. Tá Comhlacht Páirtnéireachta Oirthuaisceart Mhaigh Eo freagrach as forbairt tuaithe agus cláir chuimsiú sóisialta, ina measc clár LEADER, i dtuaisceart agus in oirthear Mhaigh Eo. Is faoi atá an sainchúram maidir le cláir Seirbhísí Fostaíochta Áitiúil agus clár Taisteal Tuaithe ar fud Mhaigh Eo ina iomláine freisin.