Athbhreithniú Deireadh Bliana 2016 eisithe

23 Eanáir, 2017

nóiméad léite

Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2016
  • 559 post nua cruthaithe in 2016
  • Spriocanna suntasacha sáraithe i dtaca le díolacháin, easpórtáil agus caiteachas in Éirinn:– Os cionn €900m de dhíolachán le dhá bhliain as a chéile
    – Os cionn €420m de chaiteachas díreach in Éirinn
  • 36 gnó nua tosaithe le 100 duine fostaithe iontu in 2016
  • 7,963 post i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana
  • Tograí nua ceadaithe ina gcruthófar os cionn 533 post, le hinfheistíocht €38m
  • Fógra oifigiúil déanta i leith 23 as 26 Limistéar Pleanála Teanga
  • 22 Ceanneagraíocht ag réiteach pleananna teanga dá Limistéar Pleanála Teanga
  • Comhlachtaí Gaeltachta aireach ar impleachtaí féideartha na Breatimeachta
  • Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara (infheistíocht €4.9m) tógtha

Súil Siar ar 2016
Cruthaíodh 559 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2016. Bhí 7,963 post i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana, 7,348 post lánaimseartha agus 615 post páirtaimseartha. Nuair a thógtar líon na bpost lánaimseartha a cailleadh san áireamh, bhí glanmhéadú 80 post i gceist ar an mbliain roimhe sin.
Tá sprioc shuntasach eacnamaíoch sáraithe ag cliantchomhlachtaí an Údaráis agus díolachán iomlán os cionn €900m agus caiteachas díreach i ngeilleagar na hÉireann os cionn €420m bainte amach acu le dhá bhliain i ndiaidh a chéile.

Fostaíocht sa Ghaeltacht
Is i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Chorcaí is mó a chonacthas an glanmhéadú post in 2016. Ábhar dóchais é go bhfuil an bonn fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta anois ag leibhéal seasmhach agus ag an leibhéal is airde le 7 mbliana.
Tá sé á léiriú le blianta beaga anuas go bhfuil comhlachtaí Gaeltachta níos iomaíche agus go bhfuil céatadán níos airde díobh dírithe ar easpórtáil. Léiríonn na figiúirí na bliana seo gur sna hearnálacha Bia & Dí, Seirbhísí agus Déantúis Feistí Leighis is mó a léirigh glanmhéadú ar leibhéil fostaíochta cé nár sheachain na hearnálacha seo laghduithe i bhfostaíocht ach oiread. Bhí leibhéal seasmhach fostaíochta san earnáil déantúsaíochta traidisiúnta áit ar cheallaigh laghduithe suntasacha mórchuid na bpost a cruthaíodh sna hearnálacha sin.
Thosaigh 36 gnó as an nua sa Ghaeltacht le linn na bliana agus bhí os cionn 100 duine fostaithe sna gnóthaí sin ag deireadh na bliana. Bhí ardú fostaíochta in os cionn 25% de chliantchomhlachtaí an Údaráis i rith 2016. De réir taighde ABSEI a rinneadh in 2016, tá leibhéal brabúis na gcliantchomhlachtaí ag fás go seasta ó 2008 le fás 14.2% measta in 2015 ar an mbliain roimhe. Lena chois sin rinne an tÚdarás infheistíochtaí chaipitil straitéiseach in áiseanna infreastruchtúir i rith na bliana a thacóidh le fostóirí móra reatha tabhairt faoi fhorbairtí suntasacha nua agus a chabhróidh le tograí nua a mhealladh amach anseo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, “Tá torthaí fiúntacha le feiceáil ar ár n-iarrachtaí le blianta beaga anuas agus muid ag sárú ár spriocanna fostaíochta os cionn 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht go bliantúil. Léiríonn rathúlacht an Údaráis an méid gur féidir a bhaint amach trí fheidhmiú polasaithe fostaíochta agus forbartha tuaithe ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil lena n-aghaidh.”
Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur ábhar dóchais an fás atá ag teacht ar mhargaí na gcliantchomhlachtaí “Tá ag éirí lenár straitéisí ardú i leibhéil easpórtála a bhaint amach dár gcliantchomhlachtaí le beagnach 70% den díolachán á easpórtáil anois. Caitheann cliantchomhlachtaí an Údaráis os cionn €425 milliún go díreach i ngeilleagar na hÉireann rud atá fíorshuntasach.
Fáiltíonn muid i gcónaí roimh ghnóthaí nua, mór agus beag araon. Tá infheistíochtaí chaipitil shuntasach déanta againn arís i mbliana chun tacú le mórfhostóirí a bhfréamhacha a chur níos doimhne i bpobal na Gaeltachta agus a chuirfidh spásanna d’ardchaighdeán gnó ar fáil do chomhlachtaí nua. Cuirfidh a léithéid le bonn fiontraíochta láidir sna ceantair tuaithe Gaeltachta.”

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD “Fáiltím roimh dea-fhigiúirí fostaíochta an Údaráis arís i mbliana agus is léiriú dearfach é ar an mian atá ag an Rialtas dlús a chur le forbairt agus fostaíocht sna réigiúin agus i gceantair tuaithe. Beidh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an Phlean Gnímh do Cheantair Tuaithe na hÉireann. Tógáil croí é a fheiceáil go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach sna Gaeltachtaí agus go bhfuil borradh faoi ghnóthaí nua go fóill le 36 comhlacht nua a dhul i mbun gnó i 2016 agus 100 post cruthaithe iontu roimh dheireadh na bliana. Le comhoibriú ó mo Roinn, bheifí ag súil go bhféadfaí cur leis an dea-obair seo sna blianta amach romhainn i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Is cúis áthais ar leith dom gur cruthaíodh 559 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2016 agus go raibh 7,963 post i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana. Is é sin 7,348 post lánaimseartha agus 615 post páirtaimseartha.”
Fás suntasach tagtha ar thionchar eacnamaíoch chliantchomhlachtaí an Údaráis
Tá tionchar suntasach ag comhlachtaí Gaeltachta ar gheilleagar na Gaeltachta agus na tíre. Déanann cliantchomhlachtaí an Údaráis €427 milliún de chaiteachas díreach i ngeilleagar na tíre seo ar phárolla, ar sheirbhísí agus ar cheannach ábhar. D’íoc na cliantchomhlachtaí párolla €180 milliún, le €41,000 mar mheánphá an fhostaí sna comhlachtaí a bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe iontu in 2016.
Tagann na figiúirí seo ó thaighde ABSEI a rinneadh in 2016 a léirigh go raibh díolachán iomlán €926 milliún ag cliantchomhlachtaí an Údaráis an bhliain roimhe. Tháinig fás 10.6% ar easpórtáil go €628 milliún, sin cóimheas 68% idir easpórtáil agus díolachán. Tá sé suntasach i gcomhthéacs na Breatimeachta go bhfuil beagnach aon cheathrú (24.5%) d’easportáil chliantchomhlachtaí an Údaráis, ar luach €154milliún, ag dul chuig an Ríocht Aontaithe.

Os cionn 530 post nua ceadaithe don Ghaeltacht in 2016
Anuraidh, cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí nua ina gcruthófaí 533 post agus ina ndéanfaí infheistíocht iomlán mheasta €38 milliún de réir mar a dhéantar forbairt orthu sna cúpla bliain amach romhainn. Is do thograí i gContaetha na Gaillimhe agus Dhún na nGall is mó a ceadaíodh poist i rith 2016 le ceadanna suntasacha i gContaetha Chiarraí agus Chorcaí chomh maith. Is comhlachtaí sna hearnálacha feistí leighis, bia, seirbhísí agus saindéantúsaíochta fós atá ag dul i mbun fáis agus forbartha.

Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara tógtha agus oscailte go hoifigiúil ar infheistíocht €4.9m
Cúis bhróid d’Údarás na Gaeltachta an ról ceannaireachta a bhí aige i gcur chun cinn agus i bhforbairt an togra seo ón gcéad lá i gcomhar le pobal Ros Muc agus pobal Chonamara. Is ionad turasóireachta d’ardchaighdeán é Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh atá ar cheann d’ocht mórthionscadal a forbraíodh mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain 1916. Tá ríméad ar an Údarás go raibh sé d’acmhainn aige ról lárnach a bheith aige sa chomóradh stairiúil sin i gcomhar leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, le hOifig na nOibreacha Poiblí, le Fáilte Éireann agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe. Is seoid luachmhar é an tIonad seo a dhéanann ceiliúradh ar an nGaeilge, ar shaibhreas cultúrtha na Gaeltachta, ar oidhreacht an cheantair agus ar áilleacht thírdhreach Chonamara. Cuirfidh an tIonad agus na háiseanna a forbraíodh mar chuid de le Teach an Phiarsaigh mar shéadchomhartha náisiúnta agus beidh sé mar cheann scríbe tarraingteach le turasóirí a mhealladh chuig ceantar Ros Muc agus chuig Gaeltacht Chonamara ar feadh na mblianta fada amach romhainn. Rinneadh infheistíocht iomlán €4.9m – infheistíocht chaipitil €1m ón Údarás. D’oscail an Taoiseach Éanna Ó Cionnaith an tIonad go hoifigiúil ar lá breithe Mhic Phiarais ar 10 Samhain 2016.

Scéimeanna Sóisialta Fostaíochta
Tá ról agus tionchar tábhachtach ag na scéimeanna fostaíochta sóisialta (Scéim Fostaíochta Pobail, Scéim Sóisialta Tuaithe & Scéim TÚS), atá á mbainistiú ag an Údarás, ag cur taithí oibre agus oiliúint ar fáil do phobal na Gaeltachta. Bhí titim bheag i líon na rannpháirtithe anuraidh le 976 rannpháirtí agus 51 saoiste fostaithe ar 47 scéim ar fud na Gaeltachta. Thosaigh 330 rannpháirtí nua ar na scéimeanna in 2016 agus chríochnaigh 370 rannpháirtí a dtréimhsí ar scéimeanna.

Breatimeacht agus Polasaithe SAM
Leanfaidh Údarás na Gaeltachta lena gcomhoibriú le gníomhaireachtaí stáit eile i gcur chuige comhordaithe maidir le gnóthaí idirnáisiúnta in 2017. Déanfar measúnú ar agus réiteach do thionchar na Breatimeachta agus aon athrú i bpolasaithe idirnáisiúnta. De ghnáth, is é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim easpórtála d’aon chomhlacht a bheidh ag dul i mbun easpórtála den chéad uair. Faoi láthair, tá beagnach 25% de dhíolacháin easpórtála ár gcliantchomhlachtaí ar luach €154 milliún á dhéanamh sa Ríocht Aontaithe agus 38% ar luach €241m á dhéanamh i Meiriceá Thuaidh. Is i réimse na déantúsaíochta nua-aimseartha atá tromlach díolacháin easpórtála 87%) na gcliantchomhlachtaí go Meiriceá Thuaidh. D’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag an mBreatimeacht ar chostais bunábhar na gcliantchomhlachtaí agus tá beagnach 60% (€224m) de bhunábhar na gcliantchomhlachtaí á iompórtáil.
Tá na cliantchomhlachtaí a dhéanann easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe ag brath go mór ar an margadh sin agus cruthóidh aon neamhchinnteacht deacrachtaí do chúrsaí trádála. Tá €115 milliún de dhíolacháin easpórtála na gcliantchomhlachtaí chuig an Ríocht Aontaithe ag teacht ón réigiún BMW (Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall) agus €39 milliún ag teacht ó réigiún an Deiscirt agus an Oirthir (Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, An Mhí).
Tá sé níos tábhachtaí ná riamh infheistíocht straitéiseach agus chuí a bheith á déanamh in infreastruchtúr Gaeltachta chomh maith le hinfreastruchtúr an Údaráis chun gur féidir an leas is mó don Ghaeltacht a bhaint as deiseanna gnó féideartha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na hathraithe geopholaitiúil, go háirithe iad siúd a bhaineann le hInfheistíocht Dhíreach Sheachtrach.

Gníomhaíochtaí Pleanála Teanga
Ag tús 2016 bhí 18 gcinn de na Limistéir Pleanála Teanga (LPT) Gaeltachta i mbun an phróisis pleanála teanga agus Ceanneagraíochtaí ag staideanna éagsúla in ullmhú pleananna teanga. Rinneadh fógra i leith cúig LPT eile le linn 2016, ceithre cinn i mí Iúil agus ceann i mí na Samhna. Cuireadh dréacht de phlean teanga i gcás LPT Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir agus LPT Chois Fharraige faoi bhráid an Údaráis ag deireadh 2016.

I dtreo dheireadh 2015 foilsíodh liosta de 16 bhaile a d’fhéadfadh aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ach plean teanga a bheith aontaithe do na bailte sin. Tugadh tús áite do trí bhaile, Leitir Ceanainn, Cathair na Gaillimhe agus Daingean Uí Chúis. Tar éis próiseas comhairliúcháin poiblí rinneadh fógra oifigiúil i leith na pleanála teanga sna bailte seo i rith 2016 agus go luath in 2017. Tá ceanneagraíocht roghnaithe chun tabhairt faoin dúshlán i nDaingean Uí Chúis agus iarratais lorgtha ó eagraíochtaí i Leitir Ceanainn agus Cathair na Gaillimhe ar spéis leo a bheith roghnaithe mar Cheanneagraíocht le plean teanga a ullmhú. Oibríonn an tÚdarás go dlúth le Foras na Gaeilge i bhfeidhmiú an phróisis pleanála teanga i gcás na mBailte Seirbhíse Gaeltachta.
Tá tacaíocht leanúnach á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do na Ceanneagraíochtaí atá ag réiteach pleananna teanga sna LPT ar fud na Gaeltachta trí cheardlanna náisiúnta agus réigiúnacha a eagrú chomh maith le fóram ar líne a fhorbairt agus a chruthú chun rannpháirtithe sa phróiseas a chur i dteagmháil lena chéile.

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Beidh gach Limistéar Pleanála Teanga chomh maith le trí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta sa Ghaeltacht ag tabhairt faoi phleanáil teanga ag leibhéal an phobail roimh lár na bliana 2017. Feicfear toradh dhúthracht na bpobal sin sa bhliain seo amach romhainn le foilsiú cuid mhaith pleananna teanga ó cheantair éagsúla. Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte chroíúil roimh an bPolasaí Oideachais Gaeltachta, a bheidh mar ghné ríthábhachtach den phleanáil teanga nuair a fheidhmítear é. Bheadh drochthionchar ag aon mhoill i bhfeidhmiú an Pholasaí Oideachais Gaeltachta ar an bpróiseas pleanála teanga ina iomláine.”
Lena chois sin, dúirt sí, “Tá dúshláin shuntasacha sáraithe ag cliantchomhlachtaí an Údaráis agus ag an Údarás féin le ceithre bliana anuas ó ghlac mé an ról mar Chathaoirleach ar an mBord. Tógáil croí don Bhord go bhfuil borradh ag teacht faoi chúrsaí fostaíochta i gceantair éagsúla Ghaeltachta arís agus cé go bhfuil obair chrua le déanamh fós, creidim gur féidir leanúint leis an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh, a fhágann a lorg ar chuile ghné do shaol na Gaeltachta, chomh fada agus go bhfaigheann an tÚdarás na hacmhainní cuí chun leanúint lena chuid oibre.”
Fócas do 2017
Tiocfaidh deiridh le Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2014–2017 i mbliana. Tá dúshláin shuntasacha sáraithe ag cliantchomhlachtaí an Údaráis le dornán de bhlianta rud a fhágann go bhfuil seasmhacht áirithe léirithe ag na figiúirí fostaíochta i saolré na straitéise seo. Cé go gcaithfear leathshúil ghéar a choinneáil ar imeachtaí idirnáisiúnta a mbeadh tionchar acu ar fhás tuartha na tíre, tá deis ann anois tógáil ar an téarnamh atá déanta sa Ghaeltachta. Is sa chomhthéacs seo a thabharfar faoi fhorbairt plean straitéiseach nua a bhreathnóidh i dtreo 2020.

Don bhliain amach romhainn, caithfear díriú ar infheistíocht a mhealladh i réimse na nuálaíochta. Aithnítear go mbíonn na comhlachtaí seo ag iarraidh lonnú in áiteanna ina bhfuil fórsa saothair ardoilte agus ardsciliúil, ina mbeidh rochtain éasca acu ar mhargaí, ina bhfuil soláthar maith seirbhísí tacaíochta, iompar san áireamh, agus ina bhfuil bonneagar teileachumarsáide agus fisiciúil d’ardchaighdeán. Creideann an tÚdarás go bhfuil deiseanna suntasacha anseo do na ceantair Ghaeltachta ar fad ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil. Leanfaidh an tÚdarás in 2017 lenár gclár infheistíochta i mbunchloch na n-infreastruchtúr fiontraíochta trí 4 aonad nuálaíochta sna réigiúin [Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh & Ciarraí] mar atá leagtha amach mar sprioc sa Phlean Gníomhaíochta do Phoist Náisiúnta. Leanfaidh an tÚdarás lena thiomantas d’fhuinneamh in-athnuaite agus le feidhmiú a straitéise éifeachtúlachta fuinnimh.

Díreofar in 2017 ar chláir agus tionscadail taighde chun an nuálaíocht agus an fhiontraíocht a chothú mar chodanna dílse den chlár forbartha. Mar bhunphrionsabail, tá sé tábhachtach go mbeadh comhlachtaí nua, nó sean-bhunaithe, beag nó mór ag tabhairt faoi chláir taighde & forbartha, le seasmhacht agus inmharthanacht a ngnó a chinntiú. Ag éirí as sin, beidh an tÚdarás ag tacú le cláir agus tionscnaimh nuálacha.

Ionas gur féidir leis an eagraíocht tacú lenár gcliantchomhlachtaí déileáil le hiarmhairtí na Breatimeachta, beidh an tÚdarás ag leanúint le comhairliúchán sonrach le agus tacaíocht do na comhlachtaí atá ag feidhmiú nó atá ag iarraidh a bheith ag feidhmiú sa Ríocht Aontaithe.
Tá sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta féin méadú suntasach a chuir ar líon na gcomhlachtaí beaga dúchasacha a thacaíonn sé leo trí sholáthar spáis agus trí sheimineáir phroifisiúnta a sholáthar do fhiontraithe/phríomhaithe dóchúil, ag cinntiú go bhfuil na háiseanna agus na tacaíochtaí airgeadais nó seirbhísí ar fáil dóibh chun a gcuid pleananna gnó a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Tá forbairt acmhainní nádúrtha agus fiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha lárnach i straitéis na heagraíochta. Tosófar ar an obair phleanála do Pháirc Nuálaíochta Mara i gCill Chiaráin i gConamara i rith 2017 a mbeidh gníomhaíochtaí taighde agus tráchtála ann araon.

Pleanáil Teanga
Táimid anois tagtha chuig tréimhse chriticiúil ó thaobh an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá dréacht de dhá phlean teanga ó dhá Limistéar Pleanála Teanga (LPT Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir agus LPT Chois Fharraige) curtha faoi bhráid an Údaráis agus táimid ag súil leo sin a chur faoi bhráid an Aire sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (An Roinn) le faomhadh sna seachtainí amach romhainn. Ba mhaith linn tréaslú leis an dá Cheanneagraíocht as ucht an obair chasta seo a thógáil orthu féin agus a stiúradh chuig an chéim thábhachtach seo. Aithnítear an dua, an t-am agus tiomantas baill na gCeanneagraíochtaí agus a gcuid fochoistí leis na pleananna a réiteach.

Tá sé beartaithe go mbeidh 11 plean teanga eile réitithe agus curtha faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na bliana seo. Beidh fógra á dhéanamh i leith na trí LPT eile atá fágtha i nGaeltacht na Gaillimhe sna cúpla mí amach romhainn.

Tá moladh mór, as a dtiomantas agus a ndúthracht, ag dul do phobal na Gaeltachta atá ag feidhmiú ar bhonn deonach le todhchaí don Ghaeilge a chinntiú. Beifear ag oibriú leis An Roinn sa bhliain amach romhainn chun buiséad don obair thábhachtach seo a aontú.