Oscailt oifigiúil Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara

10 Samhain, 2016

nóiméad léite

Is lá stairiúil do phobal Ros Muc agus pobal Chonamara é an lá inniu (Déardaoin 10 Samhain) nuair a dhéanfaidh An Taoiseach, Enda Kenny T.D . Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara ag Teach an Phiarsaigh a oscailt go hoifigiúil.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, “Tá bród ar Údarás na Gaeltachta go raibh ról ceannaireachta aige i gcur chun cinn agus i bhforbairt an togra seo ón chéad lá i gcomhar le pobal Ros Muc agus pobal Chonamara. Is ionad turasóireachta d’ardchaighdeán é seo a dhéanann ceiliúradh ar shaibhreas cultúrtha na Gaeltachta, ar oidhreacht an cheantair agus ar áilleacht thírdhreach Chonamara. Déantar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar theanga chomhaimseartha agus bheo tríd na taispeántais go léir atá le feiceáil ann. Déantar léiriú ar na gnéithe sin, físeanna Phádraig Mhic Phiarais faoi chultúr na hÉireann a chur i láthair san Ionad trí shúile an Phiarsaigh. Nach fóirsteanach go bhfuil an oscailt oifigiúil seo á déanamh inniu ar bhreithlá an Phiarsaigh féin agus cuirfidh an tIonad nua seo leis an oidhreacht atá fágtha ina dhiaidh aige.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, “Tá Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar cheann d’ocht mórthionscadal a forbraíodh mar chuid den Chlár Comórtha Céad Bliain agus tá lúcháir ar an Údarás go raibh sé d’acmhainn aige páirt lárnach a bheith aige sa gcomóradh stairiúil sin. Is ionann an tIonad seo agus seoid luachmhar le breis cuairteoirí a mhealladh chuig an cheantar. Cuirfidh an tIonad agus na háiseanna atá forbartha mar pháirt de, le Teach an Phiarsaigh mar shéadchomhartha náisiúnta agus beidh sé mar cheann scríbe tarraingteach le turasóirí a tharraingt ar feadh na mblianta fada amach romhainn.”

“Ba mhaith liom mo buíochas a ghlacadh leis na geallsealbhóirí go léir a bhí páirteach i bhforbairt an togra seo, ina measc An Roinn Ealaíon, Oidhreachta Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Oifig na nOibreacha Poiblí, Fáilte Éireann agus Comhairle Contae na Gaillimhe. Ba mhaith liom ach go háirithe mo bhuíochas chur in iúl d’fhoireann an Údaráis a d’oibrigh go dian dícheallach ar an togra seo, a bhrúigh chun cinn é agus a rinne é a bhainistiú chun críche.” a dúirt sé.

Is mian le hÚdarás na Gaeltachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí a fhógairt go mbeidh ócáid speisialta á eagrú don phobal in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara ar an Aoine, 11 Samhain le ceiliúradh a dhéanamh ar oscailt an ionaid nua cuairteoirí. Beidh saorchead isteach ag an phobal ar an lá leis an ionad nua agus na taispeántais go léir a fheiceáil. Beidh sólaistí ar fáil agus beidh ceol agus siamsaíocht ar siúl idir meán lae agus a 3.i.n. Tá fáilte roimh chách.