Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017 – 2022

28 Deireadh Fómhair, 2016

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhoilsiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017 – 2022 agus tréaslaíonn sé foilsiú an Pholasaí leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is cúis áthais don Údarás toradh a fheiceáil ar an bpróiseas cuimsitheach comhairliúcháin a bhain le forbairt an pholasaí faoi stiúir na Roinne agus is cúis dóchais agus misnigh é go dtugtar aird sa Pholasaí ar go leor de na nithe a ardaíodh le linn an phróisis.

Tugann an Polasaí soiléiriú ar ról na scoileanna agus ról na seirbhísí luathoideachais i dtacú le buanú na Gaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht agus aithníonn an Polasaí tábhacht an oideachais i mbuanú pobail tuaithe. Don chéad uair tugtar aitheantas sa Pholasaí don chainteoir dúchais Gaeilge agus aithnítear go bhfuil gá le cur chuige ar leith le freastal ar riachtanais an chainteora dhúchais sna seirbhísí oideachais Gaeltachta. Aithníonn an Polasaí na dúshláin atá roimh theaghlaigh na Gaeltachta agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a sheachadadh chuig an chéad ghlúin eile agus molann sé struchtúr chun dul i ngleic leis na dúshláin sin. Leagan an Polasaí amach bearta a thugann aghaidh ar na dúshláin atá ann teacht ar mhúinteoirí le hard chaighdeán Gaeilge le múineadh i scoileanna Gaeltachta. Beidh an Polasaí mar chrann taca ag an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus ag obair cheannródaíoch atá idir lámha ag Ceanneagraíochtaí sna Limistéir Pleanála Teanga.

Tugtar soiléiriú sa Pholasaí ar na hacmhainní atá riachtanach le feidhm a thabhairt don Pholasaí agus cuireann an tÚdarás fáilte faoi leith roimh an moladh go mbunófar Aonad laistigh den Roinn Oideachais agus Scileanna le tacú le feidhmiú an Pholasaí.

Aithnítear an obair thábhachtach atá ar bun ag na scoileanna Gaeltachta, ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo. agus ag an Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus beidh an tÚdarás ag tnúth go mór le hoibriú i bpáirt leo sin agus leis na geallsealbhóirí eile i bhfeidhmiú an Pholasaí.

Is mian le hÚdarás na Gaeltachta an t-aitheantas is dual dóibh a thabhairt don Taoiseach agus don Rialtas ar an ócáid stairiúil seo inniu as a dtiomantas don Pholasaí, don Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D. mar aon le feidhmeannaigh a Roinne a d’oibrigh go dícheallach ar an bPolasaí, agus don Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D. as a chuid tacaíochta.