Cinntíonn comhfhiontar atá aontaithe ag Westire Technology le comhlacht atá lonnaithe sna Ríocht Aontaithe todhchaí fostaíochta an chomhlachta i mBéal an Mhuirthead

3 Meitheamh, 2016

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an fhógra atá déanta ag Westire Technology Limited (WESTIRE) i mBéal an Mhuirthead go bhfuil siad ag dul i mbun comhfhiontar leis an chomhlacht Charles Endirect Limted (CEL), atá lonnaithe sna Ríocht Aontaithe, chun bainistiú a dhéanamh ar dhíolacháin, margaíocht agus riachtanais dáileacháin táirgí WESTIRE.

Cúpla mí ó shin, ghlac WESTIRE, atá faoi bhainistíochta fear áitiúil Sean Noone, ar láimh an áis déantúsaíochta soilsiú sráide fótaichil ó SELC. Tá taithí os cionn 33 bliain ag Sean Noone ag soláthar teicneolaíochtaí soilsiú sráide fótaichil ar fud na hEorpa, i Meiriceá Thuaidh, Ceanada agus an Afraic Theas, agus is é bunaitheoir WESTIRE.
Mar chuid den chomhaontú beidh WESTIRE ag forbairt agus ag táirgeadh go heisiach don chomhfhiontar nua, comhlacht Éireannach darbh ainm Charles Endirect Ireland Limited. Beidh an comhlacht seo lonnaithe i mBéal an Mhuirthead chomh maith.

Deir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Beidh an comhfhiontar seo rí-thábhachtach i gcosaint an foireann oibre de 45 atá ag WESTIRE i láthair na huaire. Tá ard mholadh ag dul do Sean Noone agus a foireann don obair thréan atá déanta acu le bliain anuas chun cinntiú go bhfanfaidh an áis déantúsaíochta teicneolaíochtaí soilsiú sráide fótaichil i mBéal an Mhuirthead agus go gcaomhnófar na postanna atá ansin. Leanfaidh Údarás ar aghaidh ag obair i gcomhar le WESTIRE chun an gnó a fhás agus a leathnú sna blianta beaga atá romhainn.”

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta WESTIRE, Sean Noone, “Bhí go leor obair dhearfach ar bun ag Westire Technology Limited le tamall anuas, ag forbairt bealaigh nua chun ár gcuid táirgí a chur chun cinn san margadh idirnáisiúnta do shoilsiú seachtrach. Anois, le foireann a bhfuil sár-thaithí díolacháin acu, tá an comhlacht muiníneach go dtiocfaidh fás substaintiúil ar dhíolacháin WESTIRE sna míonna agus blianta atá le theacht. Bheadh an comhfhiontar seo dodhéanta murach tacaíocht atá faighte ó ár gcuid fostaithe, ionadaithe ó Charles Endirect Limited, scairshealbhóirí WESTIRE, baill Boird agus foireann Údarás na Gaeltachta. Tá buíochas speisialta ag dul go mhuintir Gaeltachta Iorrais, gan a spreagadh agus tacaíocht, ní bheadh seo ag tarlú.”