Gairméidí Chaomhnaithe Dhún na nGall Teo (SIOEN Ireland) ag cur deireadh le táirgeacht ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair

6 Samhain, 2015

nóiméad léite

Ta sé curtha in iúl d’Údarás na Gaeltachta ag Gairméidí Chaomhnaithe Dhún na nGall Teo (SIOEN) go bhfuil sé ag cur deireadh leis an obair tháirgeachta atá á dhéanamh aige ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tagann an fógra seo i ndiaidh do bhainistíocht ag SIOEN Industries Belgium, máthairchomhlacht Ghairméidí, cinneadh a dhéanamh obair déantúsaíochta an chomhlachta a aistriú chuig comhlacht dá chuid sa Rómáin. Tá gníomhaíochtaí díolacháin, dáileachán, seirbhísiú agus taighde agus forbairt an chomhlachta le fanacht i nGaoth Dobhair. Deir bainistíocht Ghairméidí go mbeidh siad ag dul i mbun próiseas comhairliúcháin leis na fostaithe atá ag díriú ar chúrsaí táirgeachta sa ghnó sna seachtainí amach romhainn.

Tá díoma ar Údarás na Gaeltachta faoin chinneadh seo agus an tionchar a bheidh aige ar os cionn leath d’fhostaithe Ghairméidí. Ach aithníonn an tÚdarás go bhfuil Gairméidí ag feidhmiú i margadh atá fíor iomaíoch agus go bhfuil siad in iomaíocht le monarcha eile de chuid SIOEN atá lonnaithe i dtíortha ina bhfuil táirgeacht a dhéanamh ar ísealchostas.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá an-díomá orainn, tar éis na n-iarrachtaí ar fad atá déanta ag bainistíocht Ghairméidí agus an Údaráis, go bhfuil cinneadh tógtha ag SIOEN Industries Belgium obair déantúsaíochta an chomhlachta a aistriú go dtí an Rómáin. Ach caithfidh muid aitheantas a thabhairt chomh maith don ionchur suntasach atá déanta ag Gairméidí sa eacnamaíocht áitiúil le 30 bliain anuas agus leanfaidh muid ar aghaidh ag obair leis an chomhlacht agus ag tacú leis na gníomhaíochtaí atá fós ar bun i nGaoth Dobhair aige.”

Faoi láthair tá 23 duine fostaithe ag Gairméidí agus tá tacaíocht á chur ar fáil ag an Údarás don chomhlacht ó bunaíodh é in 1981. Táirgeann an comhlacht réimse éadach teicniúil d’ardchaighdeán do mhargaí éagsúla, ina measc, éadaí báistí, seaicéid infheictheacht agus éadaí lasairmhoillitheach.
Tá sé fógartha ag an chomhlacht go mbeidh SIPTU páirteach sa phróiseas comharliúcháin leis na fostaithe agus go mbeidh siad ag oibriú chun a chinntiú go bhfaigheann na fostaithe an iomarcaíocht iomlán atá siad i dteideal.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil roinnt comhlachtaí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ag earcú faoi láthair agus chomh maith leis sin go bhfuil an tÚdarás ag láimhseáil fiosrúcháin gnó a d’fhéadfadh níos mó fostaíochta a chruthú ar an Pháirc Ghnó amach anseo.