Lár ionad nua Gaeilge, Gaeltachta agus fiontraíochta luach €3.5 milliún oscailte i mBaile an Fheirtéaraigh

26 Meitheamh, 2015

nóiméad léite

Lár ionad nua Gaeilge, Gaeltachta agus fiontraíochta luach €3.5 milliún oscailte i mBaile an Fheirtéaraigh

2,500 scoláire ag freastal ar chúrsaí sa Lárionad, le luach de €7 milliún don gheilleagar áitiúil

D’oscail an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra, Jimmy Deenihan T.D. an Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh go hoifigiúil inniu (26 Meitheamh). Díríonn an Lárionad, ina bhfuil achar de 1,400 méadar cearnach, ar áiseanna, seirbhísí agus gníomhaíochtaí Gaeilge, pleanála teanga agus gnó a sholáthar don phobal, do scoláirí, d’ábhar oidí agus d’fhiontraithe.

San áireamh sa Lárionad tá oifigí agus áiseanna nua do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo agus dá fhochomhlachtaí, Coláistí Chorca Dhuibhne Teo agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo. Tá Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ann, ina bhfuil áiseanna don naíonra agus seirbhísí réamhscoile, agus tá clós súgartha poiblí do leanaí forbartha ar an suíomh.
Tá aonaid agus oifigí ghnó de chuid Údarás na Gaeltachta forbartha sa Lárionad agus ar fáil do ghnóthaí nua.

Rinneadh an Lárionad a fhorbairt ar chostas de €3.5 milliún agus is iad Údarás na Gaeltachta, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo a mhaoinigh an togra seo.

Dúirt an tAire Stáit, Jimmy Deenihan T.D. go raibh sé thar a bheith sásta go raibh infheistíocht shuntasach déanta ag an Stát sa leithinis seo thar na mblianta, agus go raibh gar do €2 milliún curtha ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don Lárionad seo ón uair a tosaíodh ar an bpleanáil roinnt blianta ó shin. Thug sé le fios go gcuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta suas le €0.5 milliún ar fáil d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne go bliantúil le haghaidh gníomhaíochtaí sa réimse pleanála teanga. “Ón uair a bunaíodh é, bhí Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag reáchtáil gníomhaíochtaí trí Ghaeilge sa cheantar,” a dúirt an tAire Deenihan, “agus anois tá éacht faoi leith déanta acu, ag pobal an cheantair agus ag Údarás na Gaeltachta trí ionad breá a chur ar fáil chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn.”

Dúirt Tomás Mac Gearailt, Cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, “Tá an Comharchumann thar a bheith bródúil as an Lárionad seo atá forbartha aige i gcomhar leis na páirtithe eile. Tá ról lárnach ag an gComharchumann i gcúrsaí forbartha eacnamaíochta, sóisialta agus teanga i leithinis Chorca Dhuibhne ó bunaíodh é. Cinntíonn an Lárionad nua seo go mbeidh ionad buan ar fáil sa cheantar do na glúnta atá le teacht ar mhaithe le pobal láidir Gaeilge a bhuanú agus fostaíochta a chur ar fáil sa cheantar.” Beidh 2,500 scoláire ag freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Lárionad i mbliana agus is fiú luach de €7 milliún iad d’eacnamaíocht Chorca Dhuibhne, a dúirt sé.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh lúcháir mhór ar an Údarás a bheith in ann an suíomh a chur ar fáil do phobal Chorca Dhuibhne, forbairt an Lárionad a bhainistiú, co-mhaoiniú a sholáthar agus aonaid ghnó a fhorbairt mar chuid den togra. “Bhí gá le spás fiontraíochta a sholáthar in Iarthar Dhuibhneach agus cinntíonn an Lárionad seo go bhfuil aonaid ghnó nua-aimseartha ar fáil anois le freastal ar riachtanais fhorbartha ghnó an cheantair agus le tuilleadh fostaíochta a mhealladh chuige.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur ceannródaí teanga é Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus go ndéanfadh an Lárionad an fhostaíocht theangabhunaithe atá cruthaithe sa cheantar ag an Chomharchumann agus a fhochomhlachtaí a bhuanú agus a fhorbairt tuilleadh. “Beidh an Lárionad mar chrann taca leis an Ghaeilge a neartú mar theanga teaghlaigh trí na seirbhísí tacaíochta atá á sholáthar ann agus feidhmeoidh sé mar thearmann teanga do chainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí sna blianta amach romhainn.” a dúirt sé.
Críoch

Tuilleadh eolais:
Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta, Údarás na Gaeltachta – 091 503219 / 087 2217757; sng@udaras.ie