Fóram Forbartha Fiontraíochta bunaithe ag Údarás na Gaeltachta le deiseanna fostaíochta nua a aimsiú do Ghaoth Dobhair

7 Aibreán, 2014

nóiméad léite

Tá grúpa oibre, Fóram Forbartha Fiontraíochta, bunaithe ag Údarás na Gaeltachta le tabhairt faoi plean gníomhaíochta le h-iarracht tograí fiontraíochta nua a aimsiú agus a mhealladh le lonnú in Iarthuaisceart Dhún na nGall, agus deiseanna nua fostaíochta a chruthú. Cinneadh an Fhóram a bhunadh tar éis an fógra a rinne Largo Foods le gairid anuas go bhfuil siad chun an áis táirgeachta atá acu ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a dhúnadh agus a aistriú go Co. na Mí. Tháinig ionadaithe an Fhóram Forbartha Fiontraíochta le chéile inniu (4 Aibreán) don chéad chruinniú in Oifigí an Údaráis ar an Pháirc Ghnó. Tá ionadaithe ó Fhiontraíocht Éireann, an Gníomhaireacht Forbartha Tionscail Éireann, Solas, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Institiúid Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, An Roinn Coimirce Sóisialaí, An Roinn Ealaín, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an tÚdarás féin ar an ghrúpa oibre.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, i láthair ag an chruinniú agus d’fháiltigh sé roimhe bhunú an Fhóraim. “Beidh tionchar mhór ag an chinneadh atá déanta ag Largo Foods a ghnó a aistriú go Co. na Mí ar fhostaíocht sa cheantar seo. Fáiltím roimh an chéim seo atá á ghlacadh ag an Údarás acmhainní breise a dhíriú ar an cheist seo agus malairt fostaíochta a mhealladh go Gaoth Dobhair. Déanfaidh mise agus Feidhmeannaigh mo Roinn gach gur féidir linn le tacú leis an ghrúpa oibre seo tabhairt faoin phlean oibre a bheidh acu agus iad ag iarraidh deiseanna nua fostaíochta a aimsiú le lonnú sa cheantar seo. Is léir nach beag an dúshlán é seo don Údarás ach tá muinín agam go mbeidh an eagraíocht in ann tabhairt faoi go cumasach. ”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin “Tá an tÚdarás tiomanta do phobal an cheantair seo agus aithníonn muid an riachtanas atá le deiseanna nua fostaíochta a bheith ar fáil chomh luath agus is féidir. Ar ndóigh, ní an tÚdarás a chruthaíonn na poist ach fiontair, agus beidh céimeanna á nglacadh ag an Fhóram seo láithreach le tabhairt faoi an dúshlán sin agus iarracht a dhéanamh fiontair nua a mhealladh. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil na heagraíochtaí forbartha fiontraíochta eile ar an ghrúpa oibre seo. Bíonn siad ag plé go laethúil le gnólachtaí agus le fiontraithe ar fud na tíre agus thar lear agus tá siad réidh le gach tacaíocht a chur ar fáil dúinn le deiseanna fostaíochta nua a aimsiú. Aithníonn muid an tábhacht atá le deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta, atá ag lorg fostaíochta, cur lena scileanna agus dul faoi oiliúint agus beidh Solas agus Institiúid Theicneolaíocht Leitir Ceanainn in ann comhoibriú linn ar an ghníomh sin.”

“Tá infreastruchtúr gnó, idir leathanbhanda ard-luais, leictreachas, agus foirgnimh d’ard-chaighdeán riachtanach agus lárnach in aon phlean le tograí nua a mhealladh. Beidh muid ag díriú na riachtanais sin i gcomhar leis na heagraíochtaí cuí, déanfar athinfheistiú san infreastruchtúr agus sna foirgnimh ghnó atá ag an Údarás ar an Pháirc Ghnó, agus tabharfar faoi fhorbairtí lena chinntiú go bhfuil na háiseanna agus seirbhís gnó atá ar fáil anseo go ard-chaighdeán”, a dúirt sé.

Meastar go mairfidh tréimhse feidhmiúcháin an Fhóraim sé mhí agus beidh plean gníomh dírithe ar athbheochan Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ó thaobh fiontair agus fostaíochta de mar thoradh air.