Iarratais á lorg ag Údarás na Gaeltachta ó eagraíochtaí nó grúpaí ar suim leo bheith páirteach sa Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht

16 Eanáir, 2014

nóiméad léite

Tá cuireadh á thabhairt ag Údarás na Gaeltachta d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí pobail sna trí Limistéir Pleanála Teanga atá fógartha iarratas a dhéanamh le bheith mar cheann-eagraíocht pleanála teanga sna limistéir sin. Is iad na trí Limistéar Pleanála Teanga atá fógartha ná Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cois Fharraige; agus Ciarraí Thiar.

Tá iarratais á lorg ó eagraíochtaí/coistí ar suim leo a bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga sna limistéir sin. Tar éis próiseas measúnaithe ar na hiarratais, déanfaidh An tÚdarás eagraíocht a roghnú a bheidh mar cheann-eagraíocht comhordaithe ar na Limistéir cuí. Beidh sé mar chúram ar an cheann-eagraíocht plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm sa limistéar. Beidh suas le 2 bhliain ag an cheann-eagraíocht le plean teanga a ullmhú agus 7 mbliana chun an plean teanga a chur i bhfeidhm. Beidh an ceann-eagraíocht seo ionadaíoch don phobal, d’eagraíochtaí pobail, do choistí agus do chumainn dheonacha agus teanga agus é mar aidhm acu cur le húsáid na Gaeilge sa Limistéar sin.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis “Tá áthas orainn go bhfuil muid tagtha chuig an stáid seo anois gur féidir linn bogadh ar aghaidh leis an phróiseas pleanála teanga seo sa Ghaeltacht. Is próiseas casta atá ann, agus ní féidir linn an obair dhúshlánach seo a dhéanamh gan comhoibriú agus rannpháirtíocht an phobail. Beidh muid ag comhoibriú le chéile agus ag foghlaim ó chéile leis an bhun chuspóir a bhaint amach; sé sin buanú agus neartú na Gaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht do na glúine amach romhainn. Ón lá inniu ar aghaidh, is féidir le heagraíochtaí/grúpaí pobail sna limistéir sin, nó tadhlach leo, iarratas a dhéanamh le bheith mar cheann-eagraíocht comhordaithe pleanála teanga.

Is é an 14 Márta an spriocdháta le hiarratais a bheith curtha faoi bhráid an Údaráis. Beidh cruinnithe eolais á n-eagrú ag Feidhmeannaigh an Údaráis sna trí limistéar pleanála teanga go luath sna seachtainí amach romhainn. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlíon an Údaráis ag thíos;