Féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh seolta go hoifigiúil

26 Meán Fómhair, 2012

nóiméad léite

Sheol Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh go hoifigiúil inniu (26 Meán Fómhair) ag an gcomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta atá ar siúl i gCo. Loch Garman.

Beidh Blas Bídh Uíbh Ráthaigh, atá á eagrú ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, ar siúl ó 19 go 21 Deireadh Fómhair 2012. Is é seo an chéad uair don fhéile a bheith ar siúl agus tá súil ag an gComhchoiste go gcabhróidh sí le forbairt na turasóireachta, eacnamaíochta agus fiontraíochta an cheantair.

Is feachtas é seo le haird an phobail náisiúnta agus áitiúil a tharraingt ar cheantar Uíbh Ráthaigh, áit a bhfuil earnáil an bhia folláin tagtha chun cinn go mór le cúpla bliain anuas agus táthar ag súil daoine eile a spreagadh le dul i mbun fiontair bhia sa cheantar.

Agus é ag seoladh na féile dúirt An tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T,D., “is deis iontach a bheidh ann le hardán a tabhairt d’fhiontair bhia sa cheantar, deiseanna forbartha gnó nua a aithint agus a phlé, ceangail agus gréasáin oibre a chothú idir na gnóthaí agus turasóirí agus cuairteoirí a mhealladh chuig an cheantar don deireadh seachtaine. Molaim Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh as ucht na hoibre atá ar siúl acu i bhforbairt eacnamaíocht agus fiontraíocht an cheantair agus as ucht fiontair bhia áitiúla a spreagadh lena saothar a chur ar taispeáint ag an fhéile seo”.

Agus é ag tagairt don seoladh, dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Tá an earnáil bhia ar an earnáil dhúchasach is mó in Éirinn agus aithníonn an tÚdarás poitéinseal fáis na hearnála seo agus an tábhacht atá leis d’eacnamaíocht na Gaeltachta. Tá muid ag tacú le fiontair bhia breisluacha, nuálacha agus margadh-dhírithe ar fud na Gaeltachta áit a bhfuil roinnt de na brandaí bia is mó aitheanta sa tír á dtáirgeadh ann”.

Cuirfear tús le féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh ar an Aoine, 19 Deireadh Fómhair 2012 agus leanfaidh sé ar aghaidh i gcaitheamh an deireadh seachtaine.