Ráiteas Deireadh Bliana 2011 foilsithe ag an Údarás

23 Eanáir, 2012

nóiméad léite

Ráiteas eisithe ag Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach agus Seán Ó Labhraí, Príomhfheidhmeannach Eatramhach, Údarás na Gaeltachta

  • An fhostaíocht i gcliantchomhlachtaí an Údaráis seasmhach ag 7,000 post lánaimseartha
  • 734 post nua cruthaithe in 2011
  • Laghdú i ráta na gcaillteanas post
  • 900 rannpháirtí ar scéimeanna fostaíochta sóisialta

Fostaíocht sa Ghaeltacht
Cruthaíodh 734 post nua i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2011. Bhí 7,500 post (7,000 lánaimseartha agus 500 páirtaimseartha) i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana. Nuair a nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh, bhí glanchaillteanas de 104 post i gceist.

Leibhéal na bpost nua a cruthaíodh coinnithe mar a bhí
Cruthaíodh 734 post nua i bhfiontair Ghaeltachta in 2011, beagnach ar an líon céanna leis an bhliain roimhe sin. Tháinig ardú ar an leibhéal fostaíochta i gcomhlachtaí a bhí ag plé le heaspórtáil, gnóthaí sna hearnálacha feistí leighis, closamhairc agus na meáin dhigiteacha, seirbhísí airgeadais, agus saindéantúsaíocht anuraidh. D’fhógair roinnt comhlachtaí go raibh pleananna forbartha acu agus go raibh siad chun infheistíocht bhreise a dhéanamh i dtaighde agus forbairt chomh maith i rith na bliana.

Laghdú ar ráta na gcaillteanas post
Is ábhar misnigh é an laghdú a tháinig ar ráta na gcaillteanas post. Tá an líon post a cailleadh le bliain anuas ag leibhéal i bhfad níos ísle ná mar bhí le roinnt blianta anuas, le laghdú 40% in 2011 i gcomparáid le 2009. Is léiriú é seo ar an tionchar dearfach atá ag straitéis an Údaráis, a dhírigh le trí bliana anuas ar thacú le gnóthaí a bhí ann cheana a leibhéal fostaíochta a choimeád slán. Tharla na laghduithe post don chuid is mó de bharr comhlachtaí a bheith ag sileadh líon beag foirne chun gearradh siar ar chostais. Is iad na comhlachtaí a bhí ag trádáil sa margadh baile is mó a bhí buailte.

Tograí nua le hinfheistíocht iomlán de €21 milliún ceadaithe
In ainneoin na haeráide eacnamaíochta dúshlánaí agus an maoiniú laghdaithe a bhí ar fáil ón Státchiste, cheadaigh Údarás na Gaeltachta tograí ina mbeidh infheistíocht iomlán mheasta de €21 milliún ag baint leo in 2011. Táthar ag súil go gcruthófar 400 post nua i gcomhlachtaí Gaeltachta nuair a bheidh na tograí sin faoi lánseoil.

Tá muid ag súil chomh maith, leis na hacmhainní atá ar fáil dúinn, go gceadófar tograí nua i rith na bliana a chruthóidh thart ar 700 post nua. Cailltear poist go bliantúil mar ghnáth-chuid den saolré gnó de réir mar a athraíonn treochtaí na n-earnálacha agus mar a dhéanann fiontair athstruchtúrú ar a ngnó chun feabhas a chur ar a gcumas iomaíochta. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin go dtacófar le poist nua leis an leibhéal fostaíochta a choinneáil slán agus bunús fáis don todhchaí a chinntiú.

Luach eacnamaíoch chomhlachtaí Gaeltachta
Taispeánann taighde a rinne Forfás in 2011 go raibh díolachán iomlán de €750 milliún ag cliant chomhlachtaí an Údaráis an bhliain roimhe sin, agus gur bhain €399 milliún de le heaspórtáil, méadú 13% ar an bhliain roimhe sin. Rinne os cionn 40% de na comhlachtaí infheistíocht i dtaighde agus forbairt, le caiteachas iomlán de €20m.

Scéimeanna Sóisialta Fostaíochta
Déanann an tÚdarás bainistiú agus riaradh ar roinnt scéimeanna sóisialta fostaíochta sa Ghaeltacht. San áireamh anseo tá An Scéim Fostaíochta Pobail, An Scéim Sóisialta Tuaithe, Tús agus Tús Nua, atá maoinithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Bhí os cionn 900 rannpháirtí agus 47 saoiste fostaithe ar 46 scéim ar fud na Gaeltachta in 2011 agus soláthraíodh €15 milliún in ioncam agus in ábhar don gheilleagar áitiúil. Mar aon le taithí oibre agus oiliúint a chur ar fáil do na rannpháirtithe, tá ról lárnach ag na scéimeanna seo i soláthar seirbhísí agus in éascú forbairt pobail ar fud na Gaeltachta.

Forbairt Pobail agus Gníomhaíochtaí Teanga
Lean an tÚdarás ag tacú le gníomhaíochtaí pobail agus teangabhunaithe sa Ghaeltacht in 2011. Cuireadh tacaíocht ar fáil d’fheidhmiú 82 naíonra agus naíolann Gaeilge ar a raibh 950 páiste ag freastal agus cuireadh cúnamh ar fáil do 62 club óige agus ionad buail isteach ina bhfuil os cionn 2,000 ball. Cuireadh tacaíocht ar fáil chomh maith do 34 ionad seirbhísí teanga inár fhreastal os cionn 600 duine ar ranganna/cúrsaí Gaeilge i rith na bliana.

Tá ionadaíocht ag an Údarás ar ghrúpaí oibre atá bunaithe le díriú ar chur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Is í aidhm na ngrúpaí oibre ná scrúdú a dhéanamh ar an réimse feidhmeanna a bheadh ag Údarás na Gaeltachta, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag tógáil san áireamh feidhmeanna agus gníomhaíochtaí reatha mar aon leis na bearta sonracha atá luaite i réimsí gnímh na Straitéise, agus moltaí a dhéanamh maidir leis na struchtúir, na hoifigí, na hacmhainní agus an líon foirne a theastódh chun na feidhmeanna sin a chur i gcrích.

Straitéis Fiontraíochta do 2012
I rith 2012, díreoidh straitéis fiontraíochta an Údaráis ar thacaíocht a sholáthar dá chomhlachtaí reatha, infheistíocht bhreise a lorg ó chliaint nua agus reatha, agus tacú le fiontair a bheidh bunaithe ar acmhainní nádúrtha ar nós uisceshaothrú, turasóireacht, foraoiseacht, & rl. Cuirfear béim ar leith ar an fhostaíocht a cailleadh i gceantair áirithe le roinnt blianta anuas a athchur agus ar an líon fostaíochta sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais chuig leibhéil a bhí roimhe seo.