Fáiltíonn Bord an Údaráis roimh mhaoiniú d’Ealaín na Gaeltachta Teo

9 Meán Fómhair, 2011

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nDoirí Beaga inniu d’fháiltigh an Bord roimh an chinneadh a rinne An Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil don Chomhlacht Ealaín (na Gaeltachta) Teo dá chlár gníomhaíochtaí don bhliain 2011. Is maoiniú €410,000 atá á chur ar fáil ag an Chomhairle Ealaíon d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo agus tá comhaoiniú ag teacht ón Údarás.

Is comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus an An Chomhairle Ealaíon é Ealaín (na Gaeltachta) Teo a chuireann forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta chun cinn sna ceantair Ghaeltachta.

Bíonn clár gníomhaíochtaí leitheadach ar siúl ag an chomhlacht ina gcuirtear scéimeanna maoinithe ar fáil a théann chun sochair d’eagraíochtaí agus d’ealaíontóirí ar fud na Gaeltachta. Beidh tionchar an chláir ghníomhaíochtaí seo le feiceáil go luath le linn an oíche chultúir náisiúnta a bheidh ar siúl ar an Aoine an 23 Meán Fómhair. Don dara bliain as a chéile tá Ealaín (na Gaeltachta Teo) ag déanamh comhordaithe ar chlár leathan imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na Gaeltachta ar an oíche chultúrtha seo.