An Chéad Ionad Traenála Ola agus Gáis Easchósta Oscailte ar an Fhál Carrach – Infheistíocht Bhreise de €500, 000 beartaithe – Líon Post le Fás go 25

9 Iúil, 2010

nóiméad léite

D’oscail An Tánaiste agus An tAire Oideachais agus Scileanna, Máire Ní Chochlainn T.D. an chéad ionad oiliúna saintógtha in Éirinn ina gcuirtear cúrsaí traenála creidiúnaithe ar fáil don tionscal ola agus gáis easchósta go hoifigiúil inniu (Aoine, 9 Iúil).

Bhunaigh beirt deartháireacha as Leitir Ceanainn an comhlacht Feidhm Mara Teo (Effective Offshore Ltd) in 2009, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tá an comhlacht lonnaithe ar Eastát Tionscail Údarás na Gaeltachta ar an Fhál Carrach i gCo. Dhún na nGall agus tá 13 fostaithe sa ghnó faoi láthair. D’fhógair an comhlacht inniu go bhfuil sé beartaithe aige €500,000 breise a infheistiú le cúrsaí nua sláinte agus sábháilteachta a shóláthar dírithe ar an tionscail ola agus gáis. Mar thoradh ar an infheistíocht seo, cruthófar 12 sainphost, eolasbhunaithe, ard-oilte thar na 12 mí seo romhainn. Tá an t-ionad traenála seo ar cheann de 35 sa domhan a sholáthraíonn sainchúrsaí a chomhlíonann na riachtanais éigeantach d’iontrálaithe nua atá ag dul isteach sa tionscal ola agus gáis (BOSIET – Basic Offshore Safety Induction & Emergency Training). Lena chois sin, tá rannóg earcaíochta forbartha ag Feidhm Mara Teo le gairid chun cuidiú le hoiliúnaithe obair a aimsiú sa tionscail.

Tá roinnt seomraí oiliúna ardteicneolaíochta san ionad ina bhfuil trealamh oiliúna agus fosheirbhísí speisialaithe ar nós ionsamhlóir héileacaptair, linnte, báid agus áit comhraicthe dóiteáin ionas gur féidir bréagshamhlú a dhéanamh ar choinníollacha mar a bheadh siad amach ón chósta ar rigí ola agus gáis.

Ag labhairt di ag an oscailt, mhol An Tánaiste Máire Ní Chochlainn an dul chun cinn atá déanta ag an chomhlacht ó bunaíodh é. “Is dea-shampla é Feidhm Mara Teo a léiríonn an dóigh gur féidir le comhlacht beag Éireannach atá lonnaithe faoin tuath a bheith chun cinn sa mhargadh domhanda. Tá siad ag mealladh daoine ón Ríocht Aontaithe, ón Ísiltír, an Liotuáin agus an Chatar chuig a gcúrsaí ar an Fhál Carrach”.

Dúirt Khris Veldman, Stiúrthóir Feidhm Mara Teo, “Cuideoidh na seomraí ranga, oifigí agus infreastruchtúr traenála breise leis na traenálaithe, an fhoireann riaracháin agus lucht bainistíochta chun fás breise a dhéanamh ar an ghnó. Beidh ar chumas na mic léinn atá ag freastal ar na cúrsaí traenála anseo a ndeimhniú leighis éigeantach a fháil nuair atá an seomra leighis inmheánaigh críochnaithe. Tá an comhlacht faoi láthair ag lorg tairisceana ar chonarthaí le roinnt comhlachtaí ola agus gáis atá ag feidhmiú san Afraic agus sa Mheánoirthear agus tá súil againn fógra breise a dhéanamh faoi seo sa todhchaí”.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Bhí riachtanais an chomhlachta soiléir ón tús – foireann ard-oilte agus foirgneamh gnó d’fhiontar speisialaithe. Tá áthas ar an Údarás go bhfuil ar a chumas freastal ar gach cineál cliaint, fiontair a bhfuil riachtanais speisialta acu ach go háirithe. Is údar misnigh é a fheiceáil go bhfuil oiliúint chreidiúnaithe faighte ag os cionn 400 duine cheana féin sa tamall ghairid atá an comhlacht ag feidhmiú. Tá buntáiste eile ag an togra seo sa mhéid is go bhfuil toradh breisluacha a fháil ag gnóthaí áitiúla de bharr na daoine as tíortha ar fud an domhain ag teacht chuig an Fhál Carrach le freastal ar na cúrsaí seo. Tá an comhlacht seo ag cruthú ioncam ní hamháin don tionscail fáilteachais ach do sholáthróirí agus do mhiondíoltóirí áitiúla freisin”.