Os cionn €2 mhilliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta d’eagrais Ghaeltachta – Dún na nGall

2 Márta, 2010

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar an Aoine seo caite, deimhníodh go bhfuil soláthar €2,085,000 ceadaithe d’eagrais phobail na Gaeltachta do 2010 le tacú leo a bpleananna oibre a chur i bhfeidhm.

Ceadaíodh €504,500 i bhfoirm Deontais Reáchtála do na heagrais phobail i nGaeltacht Dhún na nGall.

Seo a leanas na heagrais a mbeidh an Deontas Reáchtála á chur ar fáil dóibh in 2010:

Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo
Comharchumann Thoraí Teo
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo
Comharchumann na nOileán Bheag Teo
Céim Aniar Teoranta
Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille Teo
Pobal Eascarrach Teo
Ionad Naomh Pádraig Dobhair
An Mhachaire le Chéile Teo
An Ghaeltacht Lár