Fáiltíonn an tÚdarás roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

22 Eanáir, 2010

nóiméad léite

Ag a chruinniú sna Forbacha inniu (22 Eanáir) d’fháiltigh Bord Údarás na Gaeltachta roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a foilsíodh roimh an Nollaig. Aithníonn an tÚdarás gur tráth cinniúnach é seo don Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht mar a léiríodh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta a foilsíodh in 2007, agus go bhfuil gá le céimeanna radacacha chun í a chur ar bhonn a slánaithe. Aithníonn an tÚdarás chomh maith go bhfuil a bhfuil i ndán don Ghaeilge sa Ghaeltacht fite fuaite le cothú agus forbairt na Gaeilge go náisiúnta agus go bhfuil gá le naisc láidre a chothú idir an dá ghéagán sin de phobal na Gaeilge.

Is údar misnigh agus sásamh don Údarás go bhfuil ról lárnach le bheith ag an eagraíocht i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain agus glacann an Bord leis gur ionann agus vóta muiníne san Údarás go bhfuil sé ráite sa straitéis agus deimhnithe go poiblí ag an Aire go mbeidh na cumhachtaí agus na feidhmeanna céanna fiontair, forbartha pobail agus teanga aige sa ré nua atá i ndán dó agus atá aige faoi láthair chomh maith le pé feidhmeanna nua a thabharfar dó. D’aontaigh an Bord go mbeadh an maoiniú cuí ar fáil leis na feidhmeanna sin a bhaint amach. Fáiltíonn an tÚdarás roimh an ról nua náisiúnta atá le bheith aige maidir le tograí forbartha Gaeilge ar bhonn náisiúnta agus aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le heagraíocht atá lonnaithe sa Ghaeltacht a bheith ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta ó thaobh tograí teangabhunaithe de. D’aontaigh An tÚdarás go leasófaí an t-ainm a thugtar ar an eagraíocht amach anseo go Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge.

D’fháiltigh an Bord roimh an atheagrú radacach atá i gceist ó thaobh na Gaeilge sa chóras oideachais mar go n-aithnítear sa Straitéis an géarghá atá le cáilíochtaí ar leith don teagasc trí Ghaeilge, aonad oiliúna gairmiúil dírithe ar oiliúint mhúinteoirí trí Ghaeilge, athchóiriú ar an gcuraclam leis an mbéim ar labhairt na teanga, cuóta 20% de na háiteanna sna Coláistí Oiliúna a bheith coinnithe do mhicléinn ó scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna agus maoiniú tríd an Údarás um Ardoideachais don ollscolaíocht trí Ghaeilge i measc moltaí eile.

D’aontaigh an Bord ar leasuithe eile ar an Straitéis a bheidh á seoladh ar aghaidh chuig an Aire agus chuig an gComhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá ag glacadh le haighneachtaí i dtaobh na Straitéise faoi láthair.