Duaiseanna Réigúnacha do réigiún na Mumhan sa chomórtas “An Baile Beo” bronnta

19 Bealtaine, 2009

nóiméad léite

Bronnadh na duaiseanna do réigiún na Mumhan sa chomórtas “An Baile Beo” ag ócáid in Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí (9.00i.n. Dé Máirt 19 Bealtaine). Is é Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, a bhronn na duaiseanna.

Roinneadh an duaischiste mar seo a leanas:

Rannóg na nEagrais Phobail

  • An Príomh Dhuais – Comharchumann Chléire Teo €3,000
  • Duais Aitheantais – Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh €1,500

Rannóg na gCoistí Deonacha

  • An Príomh Dhuais – Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaigh €3,000
  • Duais Contae – Coiste Forbartha na Sceilge €1,500
  • Duais Contae – Comhairle Pobail na Rinne €1,500
  • Duais Contae – Coiste Bailte Slachtmhara Bhaile Mhic Íre €1,500
  • Duais Aitheantais – Cumann Iarsmalann Chléire €1,000

Tá sé mar aidhm ag “An Baile Beo”, íomhá Ghaelach a shaibhriú sa Ghaeltacht. Ní hamháin go mbeidh an teanga le cloisteáil i mbailte Gaeltachta ach go mbeidh an teanga bréa feicéalach iontu agus go mbeidh a fhios ag cuairteoirí agus ag lucht turasóireachta go bhfuil siad i gceantar faoi leith nuair a thugann siad cuairt ar cheantar Gaeltachta.

Is é Údarás na Gaeltachta, urraí an chomórtais i gcomhar le Comhairle Contae Chorcaí agus Comhairle Contae Phort Láirge. Tugann na duaiseanna seo aitheantas do choistí a d’fhorbair agus a neartaigh an bonneagar teanga agus an turasóireacht chultúrtha ina gceantar féin.